Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




II Samuel 13:25 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

25 Agus a duḃairt an ríġ ré Habsolon, Ní heaḋ, a ṁic, ná tíaġam uile anois ann, deagla go mbémis costusaċ ḋuit. Agus do ċuir sé diṫċioll air: aċt níer ḃáill leis imṫeaċd, aċ do ḃeannuiġ sé é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




II Samuel 13:25
9 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus ṫáinic Absolon ċum an ríġ, agus a duḃairt, Féuċ anois, atáid béarrṫóiriġ cáoraċ ag do ṡearḃḟoġantuíġ; tigeaḋ an ríġ, guiḋim ṫú, agus a ṡeirḃisiġ led ṡearḃḟoġantuiġ.


Ann sin a duḃairt Absolon, Muna ttí tú féin, guiḋim ṫú, léig mo ḋearḃraṫair Amnon ṫeaċd linn. Agus a duḃairt an ríġ, Cred fá raċaḋ seision leaċd?


Agus do ṫuit Ioab ar a aġaiḋ go taluṁ, agus do ċláon é féin, agus rug buiḋeaċus ris an ríġ: agus a duḃairt Ióab, A niuġ aiṫniġiḋ do ṡearḃḟoġantuíġ go ḃfuáir mé grása ann do raḋarc, a ṫiġearna, mo ríġ, do ḃríġ gur ċoiṁlíon an ríġ íarratus a ṡearḃḟoġantuiġ.


Agus a duḃairt an tiġearna ris a nóglaċ, imitiġ fá ná fálfuiḃ, agus coiṁéigniḋ íad do ṫeaḋ a sdeaċ, do ċum go lionfuiḋe mo ṫiġ.


Aċd do ċoiṁéigniġeadarsan é, ag ráḋ, Fan aguinne, óir atá sé na ṫraṫ nona, agus is deireaḋ láoi atá ann. Agus do ċúaiḋ se a sdeaċ dfuireaċ aca.


Agus ar ngaḃáil ḃaisdiḋ, ḋi féin agus do luċd a tiġe, do ġuiḋ sí sinn, ag ráḋ, Má ṁeasdáoi go ḃfuilim díleas don Tiġearna, tigiḋ, do ḋéunaṁ coṁnuiḋe dom ṫiġ. Agus do ċoiṁéigni sí sinn.


¶ Agus, féaċ, ṫáinig Boas ó Ḃetlehem, agus a duḃairt ris na buanuiġiḃ, Go raiḃ an TIĠEARNA maille riḃ. Agus do ḟreagradarsan é, go mbeanuiġ an TIĠEARNA ṫusa:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ