Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




II Samuel 13:23 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

23 ¶ Agus tárla a ccionn dá ḃliaḋan iomlán, go raiḃ béarrṫóiriġ cáoraċ ag Absolon a Mbaal‐Hasor, noċ atá láiṁ re Eṗraim: agus ṫug Absolon cuireaḋ do ċloinn an ríġ uile.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




II Samuel 13:23
13 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ċuáiḋ Lában á lomaḋ a ċáoraċ: agus do ġoid Ráċel na híoṁáiġe bá lé na haṫair.


Agus ṫáinic Absolon ċum an ríġ, agus a duḃairt, Féuċ anois, atáid béarrṫóiriġ cáoraċ ag do ṡearḃḟoġantuíġ; tigeaḋ an ríġ, guiḋim ṫú, agus a ṡeirḃisiġ led ṡearḃḟoġantuiġ.


Agus do ṁarḃ sé daiṁ agus áirnéis reaṁar agus mórán cáoraċ, agus do ṫug sé cuireaḋ do ṁacuiḃ an ríġ uile, agus do Abiatar an sagart, agus do Ióab caiptín an tslóiġ: aċ ní ṫug sé cuireaḋ dot ṡearḃḟoġantuiġ Solaṁ.


Oir do ċuáiḋ sé síos a niuġ, agus do ṁarḃ sé daiṁ agus áirnéis reaṁar agus caóiriġ go hiomadaṁuil, agus do ġoir sé mic an ríġ uile, agus caiptiniġ an tslóiġ, agus Abiatar an sagart; agus, féuċ, atáid ag iṫe agus ag ól da laṫair, agus a deirid siád, Go mairiġ an ríġ Adoniiah.


Agus do ṁarḃ Adoniiah caóiriġ agus daiṁ agus áirnéís ṁéiṫ láiṁ re cloiċ Sohelet, noċ atá láiṁ ré Henrogel, agus ṫug sé cuireaḋ ḋá ḋearḃraiṫriḃ uile mic an ríġ, agus do ṁuinntir Iúdah uile searḃḟoġantuiġiḋ an riġ:


¶ Agus do ḃí Mesa ríġ Moab na ṁaiġistir cáoraċ, agus do ḃeireaḋ do ríġ Israel céud míle úan, agus céud mile reiṫe, gun a noluinn.


Mar an gcéadna do rinne sé tuir annsa díoṫraṁ, agus do ṫocuil sé mórán tobar: óir do ḃí iomarcuiḋ áirnéise aige, san tír íoċdaruiġ aráon, agus annsna réitiḃ: luċd tiġeaduis mar an ccéadna, agus luċd déanta fíneaṁna annsna sléiḃtiḃ, agus ann Carmel: óir dob ionṁuin leis tiġeaḋus.


¶ Agus do ḃí duine a Maon, ga raiḃ a ṁáoin a Gcarmel; agus do ḃí an duine ro ṁór, agus do ḃádar trí ṁíle cáora aige, agus míle gaḃar: agus do ḃí ag bearraḋ a ċáoraċ a Gcarmel.


¶ Agus ṫáinig Abigail go Nábal; agus, féuċ, do ċonnuiṁ sé féusta iona ṫiġ, aṁuíl féusta ríġ; agus do ḃí croiḋe Nábal súgaċ ann, óir do ḃí sé ar meisge go mór: uime sin níor innis sisi ḋó einníġ, a ḃeag nó a ṁór, nó go ttáinic maidin ar na ṁáraċ.


¶ Agus do ċúalaiḋ Dáiḃi annsa ḃfasaċ gur ḃearr Nábal a ċaóiriġ.


Agus anois do ċúala mé go ḃfuilid luċd beárrṫa caóraċ agad: a nois ní ḋeárnamairne doċar do na háoḋairiḃ, noċ do ḃí eadruinn, agus ní mó do ċailleadar éainní ar feaḋ na haimsiresi do ḃádar a Gcarmel.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ