Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




II Samuel 13:22 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

22 Agus níor laḃair Absolon re na ḋearḃraṫair Amnon go maiṫ nó go holc: óir do ḟúaṫaiġ Absalon a ḋearḃraṫair Amnon, do ḃríġ gur éigniġ sé a ḋeirḃṡíur Támar.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




II Samuel 13:22
19 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Annsin do ḟreagair Laban agus Bétuel, On TIĠEARNA ṫig an ċúis: ni ḟéudmuidne maiṫ ná olc do raḋ riot.


Agus táinic Día go Lában an Sírianaċ a naisling sa noiḋċe, agus a duḃairt ris, Taḃair dod aire naċ laiḃéora tú ré Iácob go maiṫ no go saiṫ.


Atá a gcuṁaċd mo láiṁesi doċar do ḋéanaṁ ḋuit, aċ do laḃair Día haṫar riom a réir, ag ráḋ, Taḃair dod aire naċ laiḃéora tú re Iácob go maiṫ ná go saiṫ.


¶ Aċd a nuáir do ċúalaiḋ Dáiḃi ríġ na neiṫesi uile, do ḃí sé ro ḟeargaċ.


An té ċeilios fúaṫ lé puisíniḃ bréagaċa, agus an té laḃras scannail, is amadán é.


Aiḋnis do ċúis red ċoṁarsain; agus ná foillsiġ seicréid do neaċ oile:


An té ḟúaṫuiġios do ní sé blandar le na ṗuisíniḃ, agus taisgiḋ sé cealg a stiġ ann;


An té ḟolċas fúaṫ lé ceilg, foillseoċṫar a olc a ḃfiaḋnuise an ċoṁċruinniġ uile.


Ná bí deiṫniosaċ ann do spioraid ċum feirge: óir coṁnuiġiḋ a nfearg a mbrollaċ na namadáin.


Aċd ma ṗeacuiġeann do ḋearḃraṫair ad aġuiḋ, imṫiġ agus spreag é eadrad féin agus é féin aṁain: agus má éisteann sé riot, do ġnoḋuiġ tú do ḋearḃráṫair.


Bíoḋ fearg oruiḃ, giḋeaḋ ná déunuiġ peacaḋ: ná maireaḋ ḃur ḃfearg go dul na gréine fáoi:


Bíoḋ gaċ uile ṡearḃus, agus gaċ aingiḋeaċd, agus gaċ fearg, agus gaċ gárrṫa, agus gaċ iṫiomraḋ, ar ná ṫogḃáil uáiḃ, maille ris a nuile olc:


Aċd an tí ḟuáiṫiġeas a ḋearḃráṫair atá sé a ndorċadas, agus siuḃluiḋ sé a ndorċadas, agus ní eadair sé cá háit a ngaḃann, do ḃríġ gur ḋall an corċadas a ṡúile.


An tí a deir é féin do ḃeiṫ sa tsolas, agus ḟúaiṫiġeas a ḋearḃráṫair, atá sé sa dorċadus gus a nois.


Is as so aiṫeantar clann Dé, agus clann an díaḃail: giḋ bé naċ leanann do nfíréuntaċd ní ó Ḋía atá sé, ná an tí naċ dtaḃair gráḋ ḋá ḋearḃraṫair.


Ní do nós Ċáin, noċ do ḃí ón droċ spioruid, agus do ṁarḃ a ḋearḃráṫair. Agus créd é an taḋḃar fár ṁarḃ sé é? Do ḃríġ go raḃadar a oibreaċa féin go holc, agus oíbreaċa a ḋearḃráṫar fíreunta.


Giḋ bé neaċ ḟúaṫuiġeas a ḋearḃráṫair as fear dúnṁarḃṫa é: agus atá a ḟios aguiḃ naċ déunann an ḃeaṫa marṫannaċ coṁnuiġe a ḃfear dúnṁarḃṫa ar biṫ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ