Agus tangadur mic Iácob ón ṁaċ amuiġ a nuáir do ċualadur sin: agus do ġlac doilġios íad, agus do ḃádur na fir ro ḟeargaċ, fa go ndéarna sé leiṁe a naġaiḋ Israel tré luiġe lé hinġin Iácob; ní nar ḋliġṫeaċ do ḋeanaṁ.
Agus tárla, a nuáir do ḃí Israel ná ċoṁnuiġe sa duṫaiġ sin, go ndeaċuiḋ Reuben, agus gur luiġ re Bilhah leannán aṫar: agus do ċúaluiḋ Israel sin. A nois clann Iácob bá ḋá ḟear ḋéag iad.
Anois ar a naḋḃarsin ní ḋeíleoċuiḋ an cloiḋeaṁ re do ṫiġ ċoiḋċe; do ċionn mar do ṫarcuisniġ tú misi, agus go ttug tú bean Uriah an Hititiġ dá beiṫ na mnáoi ḋuit féin.
Agus a duḃairt Absolon a dearḃraṫair ría, An raiḃ Amnon do ḋearḃraiṫair agad? aċd anois bí ad ṫoċd, a ḋeirḃṡiur: sé do ḋearḃraṫair é; ná cuir beann ar an ní sí. Mar sin do ċoṁnuíḋ Támar go duḃaċ a ttiġ a dearḃraṫar Absolon.
Agus níor laḃair Absolon re na ḋearḃraṫair Amnon go maiṫ nó go holc: óir do ḟúaṫaiġ Absalon a ḋearḃraṫair Amnon, do ḃríġ gur éigniġ sé a ḋeirḃṡíur Támar.
Cred fá bpreabann siḃ air míoḋbairt agus air mofráil, noċ do órduiġ mé ann mo ṫiġ; agus go nonóruiġíonn tú do ṁic ós mo ċionnsa, da ḃur ndéanaṁ féin méiṫ le príoṁċuid gaċá hofrála mo ṗobail Israel?