19 ¶ Agus do ċuir Támar luáiṫreaḋ ar a ceann, agus do réub sí a héadaċ iolḋaṫaċ do ḃí uirre, agus do leag sí a láṁ ar a ceann, agus dimṫiġ roimpe ag gárṫa.
Tárla a deirím an treas la, féuċ, go ttáinic duine ón ċampa ó Ṡaul agus a éadaċ brisde, agus cré ar a ċeann: agus is aṁluiḋ ḃí, a nuáir ṫáinic sé ċum Dáiḃi, gur ṫuit sé ċum talṁan, agus go ndéarna sé uṁlaċd.
Agus a duḃairt Absolon a dearḃraṫair ría, An raiḃ Amnon do ḋearḃraiṫair agad? aċd anois bí ad ṫoċd, a ḋeirḃṡiur: sé do ḋearḃraṫair é; ná cuir beann ar an ní sí. Mar sin do ċoṁnuíḋ Támar go duḃaċ a ttiġ a dearḃraṫar Absolon.
Anuair do ṁoṫaiġ Mordecai gaċ a ndéarnaḋ ann, do ḃris Mordecaí a éadaċ, agus do ċuir sé saicéadaċ uime agus lúaiṫ, agus do ċúaiḋ sé amaċ a meaḋon na caiṫreaċ, agus déiġ sé lé héiġeaṁ ard searḃ;
Agus a nuáir do ṫógḃadar a súile súas a ccéin, agus nár aiṫniġeadar é, do ṫógḃadar a nguṫ ós áird, agus do ġuileadar; agus do réub gaċ áon dioḃ a ḟálluing, agus do ċroiṫeadar luáiṫreaḋ air a ccéannuiḃ leaṫ re neaṁ.
¶ Agus do stíall Iosua a éadaċ, agus do ṫuit ċum talṁan ar a aġaiḋ as coinne airce an TIĠEARNA go tráṫnóna, é féin agus sinnsir Israel, agus do ċuireadar luáiṫreaḋ ar a gceannuiḃ.