Is marso a deir an TIĠEARNA, Féaċ, tóigfe misi olc súas ad aġaiḋ amaċ as do ṫiġ féin, agus beanfa mé do ṁná ḋíot as coinne do ṡúl, agus do ḃéara mé dot ċoṁarsuinn íad, agus luiḋfiḋ sé led ṁnáiḃ a raḋarc na gréinesi.
¶ Ann sin do ḟúaṫáiġ Amnon í go hiomarcaċ; ionnus gur ṁó an fuaṫ ler ḟuaṫuiġ sé i ná an graḋ léar ġráḋuiġ sé í. Agus a duḃairt Amnon ría, Eíriġ, bí ag imṫeaċd.
Annsin dfill an ríġ as gáirdín an ṗáláis go hionad fleiḋe a nfíona; agus do ṫúit Háman ar an leabuiḋ air a raiḃ Ester. Annsin a duḃairt an ríġ, A néigneoċuiḋ sé an ḃainríoġan mar an ccéadna as mo ċoinne annsa tiġ? Ar ndul a nfocail as béul an ríġ, dfolċadar aġuiḋ Háman.
Agus do éirġeadar muinntir Ġibeah am aġaiḋ, agus tangadar timċioll an tiġe orum san noiḋċe, agus do ḃreaṫnuiġeadar mo ṁarḃaḋ: agus deígniġeadar mo leannán, ionnus go ḃfúair sí bás.