Agus tangadur mic Iácob ón ṁaċ amuiġ a nuáir do ċualadur sin: agus do ġlac doilġios íad, agus do ḃádur na fir ro ḟeargaċ, fa go ndéarna sé leiṁe a naġaiḋ Israel tré luiġe lé hinġin Iácob; ní nar ḋliġṫeaċ do ḋeanaṁ.
Do ḃríġ go ndearnadar aḋnáir ann Israel, agus go ndéarnadar aḋaltrannas ré mnáiḃ a ccoṁarsan, agus mar do laḃradar bríaṫra bréagaċa ann mainmse, naċ ar aiṫin mé ḋíoḃ; agus atá a ḟios agamsa, agus is fíaḋnuisi mé, a deir an TIĠEARNA.
¶ Agus má ḃeir duine a ḋeirḃṡíur, inġean a aṫar, nó inġean a maṫar, agus go ḃfaicfe a tárnoċd, agus go ḃfaicfe sisi a ṫárnoċdsan; is droċ ní sin; agus gearrfuiġear a maċ íad a raḋarc a muinntire: do léig sé tarnoċd a ḋeirḃṡeaṫráċ leis; iomċóruiḋ sé a ċoir.
Ann sin do ḃéuruid síad an cailín amaċ go dorus tiġe a haṫar, agus cloċfuid muintir a caiṫreaċ lé cloċuiḃ í nó go néuga sí: do ċionn go ndéarna sí leiṁe an Israel, stríapaċus do ḋéanaṁ a ttiġ a haṫar: mar sin ċuirfiḋe an tolc ar ccúl uaiḃ.
Ann sin an té do luiḋ lé do ḃéara dá haṫar caogad sécel airgid, agus biáiḋ sí na mnaói aige; do ċionn gur uṁluiġ sé í, ní féadann a cur úaḋ ar feaḋ a ṡáoġail.
Agus do ċuáiḋ an tóglaċ, fear an tiġe, amaċ ċuca, agus a duḃairt riú, Ní heaḋ, a ḋearḃraiṫre, ní heaḋ, guiḋim siḃ, ná déanuiḋ an olc so; ar ḟeuċuin go dtainic an duinesi um ṫiġse, na deúnuiġ an ní leaṁsi.
Agus do ġlac misi mo leannán, agus do ġeárr mé na píosuiġiḃ í, agus do ċuir mé ar feaḋ ċríċe oiġreaċda Israel í: óir do rinneadar míġníoṁ agus leiṁe a Nisrael.