7 ¶ Agus a duḃairt Nátan re Dáiḃi, Is tusa an duine. Is mar so a deir an TIĠEARNA Día Israel, Do unguiḋ misi ṫú ad ríġ ós cionn Israel, agus do ṡáor mé ṫú as láiṁ Ṡauil;
Agus a duḃairt an ḃean, Maseaḋ cred as ar smuáin tusa a leiṫéid sin do ní a naġaiḋ ṗobail Dé? óir laḃruiḋ an ríġ an níse mar ḋuine do ḃeiṫ ciontaċ, do ċionn naċ goireann an ríġ a ḋíbearṫaċ a ris air ais.
Anois ar a naḋḃarsin is mar so déara tú rem ṡearḃḟoġantuiġ Dáiḃi, Is mar so a deir TIĠEARNA na slóġ, Do ṫóg misí ṫú ó ṁámriġ na gcaoraċ, ó leanṁuin an tréada, dot ḃeiṫ ad ríaġlóir ós cionn mo ṗobail, ós cionn Israel:
Agus imṫiġ, innis do Ieroboam, Is marso a deir an TIĠEARNA Día Israel, Do ḃríġ gur ṫóg misi ṫú as an bpobalsa, agus go ndéarna mé prionsa ḋiot ós cionn mo ṗobail Israel.
Agus mar ḃí do ṡearḃḟoġantuiġ gnoṫuiġeaċ annso agus annsúd, dimṫiġ seision. Agus a duḃairt ríġ Israel ris, Is mar sin ḃías do ḃreiṫeaṁnus; do réiḋiġ tú féin é.
Agus a duḃairt se ris, Is marso a deir an TIĠEARNA, Do ċionn gur léig tú uáit as do láiṁ duine do órduiġ misi do léirsgrios, uimesin raċaiḋ hanamsa ar son a anmasan, agus do ḋaóine ar son a ḋaoine.
Agus a duḃairt Samuel re Saul, Do rinne tú so go leaṁ: agus níor ċoiṁéad tú aiṫne do ṪIĠEARNA Dé, noċ do aiṫin sé ḋíot: óir anois do ḋaingneoċaḋ an TIĠEARNA do rioġaċd air Israel go bráṫ.
Agus a duḃairt Samuel, A núair do ḃí tú beag ad raḋarc féin, naċ ndéarnaḋ ceann díot ar ṫreaḃuiḃ Israel, agus nar ungaiḋ an TIĠEARNA ṫú ad ríġ ós cionn Israel?
Ann sin do ġlac Samuel a naḋarc ola, agus do ungaiḋ eision a lár a ḋearḃráiṫreaċ: agus ṫainic spiorad an TIĠEARNA ar Ḋáiḃi ón lósin amaċ. Ann sin déiriġ Samuel súas, agus do ċúaiḋ go ramah.
Agus a duḃairt Saul, Do ḃéara mé ḋó í, ċor go mbía sí ná líon dó, agus go mbéid láṁa na Ḃpilistineaċ na aġaiḋ. Uime sin a duḃairt Saul re Dáiḃi, Biáiḋ tú a niuġ ad ċlíaṁuin agam a cceaċdar don dís.
Agus do rinne Dáiḃi coṁnuiġ san ḃfásaċ a ndaingneaċaiḃ laídre, agus dfan sé ar ṡlíaḃ a ḃfásaċ Siṗ. Agus do ḃí Saul dá íarruiḋ gaċ éanlá, aċd ní ṫúg Día iona láiṁ é.
¶ Agus do hinnseaḋ do Ṡaul go ttáinic Dáiḃi go Ceilah. Agus a duḃairt Saul, Ṫug Día am láiṁsi é; óir atá sé fa iaḋaḋ a stiġ, ar tteaċd a mbaile ar a ḃfuilid geatuiḋe agus barruiḋe.