Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




II Samuel 12:5 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

5 Agus do las fearg Ḋáiḃi go mór a naġaiḋ an duine; agus a duḃairt re Nátan, Mar ṁairios an TIĠEARNA, an té do rinne sin geaḃuiġ sé bas go deiḃin:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




II Samuel 12:5
10 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus táinic a steaċ na ccion ṫrí míosa na ḋiáiġ sin, gur hinniseaḋ do Iudah ag raḋ, Do rinne hinġean Támar meirdreaċus: agus feúċ fós atá sí torraċ o stríopaċus: agus a duḃairt Iudah, Tugṫar amaċ í, agus a loiscṫear í.


Agus ṫáinic fear sliġeaḋ ċum an duine ṡaiḋḃir, agus do ċoigil sé buáin re na ṫréud féin, no re na ealḃa féin, do ḋeasúġaḋ neiṫe don noiḋe noċ ṫáinic ċuige; aċd do ġáḃ sé úan an duine ḃoiċd, agus do ḋeasuiġ é don duine ṫáinic ċuige.


Agus a duḃairt an ríġ ris an mnaói, Imṫiġ dot ṫiġ, agus do ḃéara misi fúagraḋ dot ṫaóiḃ.


Agus ar gcasaḋ ḋó, do imḋearg sé iad, agus a duiḃairt sé, Ní ḃfuíl a ḟios aguiḃ créd é an spiorad dár ḋe siḃ.


Ar a naḋḃarin ní héidir do leisgél a ġaḃáil, a ḋuine, giḋ bé ar biṫ ṫú ḋamnuiġeas duine eile, oir ann sa ní a ndáorann tú neaċ eile, dáoraḋ tú ṫú féin; óir ṫusa ḋáorus duine eile do ní tú na neiṫe céadna.


Oír, mar ṁaireas an TIĠEARNA, noċ ṡáorus Israel, bíoḋ gur ob ann Ionatan mo ṁacsa atá, do ġeaḃa sé bás go deiṁin. Aċd ní raiḃ duine a measc an ṗobail do ḟreagair é.


Oir an feaḋ ṁairfeas mac Iesse ar taluṁ, ní daingneoċar ṫusa, nó do rióġaċd. Anois uime sin cuir fios air agus taḃair ċugamsa é, óir go deiṁin caiṫfiḋ sé bás dfulang.


Ní maiṫ an níso do rínne tú. Mar ṁairios an TIĠEARNA, do ṫuilleaḃair ḃur mbásuġaḋ, dó ḃríġ nár ċoiṁéadaḃair ḃur maiġistir, ungṫaċ an TIĠEARNA. Agus anois féuċ cáit a ḃfuil gaṫ an ríġ, agus an crúisgín uisge do ḃí aga ċeannaḋáirt?


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ