Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




II Samuel 12:31 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

31 Agus ṫug sé amaċ na daóíne do ḃí san ccaṫruiġ sin, agus do ċuir sé íad fá ṫuiriosguiḃ, agus fa ḃracaḋuiḃ íaruinn, agus fa ṫúaġuiḃ íaruinn, agus ṫug orra dul a sórn áiṫċe na mbríceaḋ: agus mar so do rinne sé ré caiṫreaċaíḃ ċloinne Ammon uile. Mar sin dfill Dáiḃi agus an pobal uile go Hierusalem.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




II Samuel 12:31
10 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ḃuáil sé Móab, agus do ṫoṁuis íad lé córda, ḋa tteilgion síos go talaṁ; eaḋon lé ḋá ċórda do ṫoṁuís sé do ṫaḃairt báis, agus le héanċórda iomlán do ċongṁáil béo. Agus do ḃádar na Móabitiġ ná searḃḟoġantuiġ ag Dáiḃi, agus tugadar tioḋlaicṫe léo.


Agus do ḃean Dáiḃi coróin a ríġ da ċionn, agus fuáir gur ċoṁṫromuiġ sí tallann óir, agus da ḃádar cloċa búaḋa innte; agus do cuireaḋ ar ċeann Ḋáiḃi í: agus ṫug sé mar an gcéadna mórán oile éadála as an Ccaṫruiġ.


Agus ṫug sé amaċ na daóine do ḃí innte, agus do ġéarr sé íad le tuiriosguiḃ agus le clíaṫaiḃ foirsiġe íaruinn, agus le túaġaiḃ. Marsin do rinne Dáiḃi re cloinn Ammon uile. Agus re na ccaiṫreaċaiḃ. Agus dfill Dáiḃi agus a ḋaoine uile go Hierusalem.


Glac cloċa móra ann do láiṁ, agus foluiġ íad annsa ċríaiḋ a sorn na mbríceaḋ, noċ atá ag dul a steaċ tiġe Ṗárao ann Tahpanhes, a raḋarc ṁuinntire Iúdah;


¶ Marso a deir an TIĠEARNA; Ar son ṫrí sáraiġṫe ċloinne Ammon, agus ar son a ceaṫair, ní ċoigeola mé íad: do ḃríġ gur scoiltiodar súas mná torrċa Ġíleád, ċor go ḃfairseongaidís a ttéora féin:


Aċt lasfa mé teine a mballa Rabbah, agus loisgfiḋ sí a páláis sin, le gáir a ló an ċaṫa, maille re stoirm a ló na gaóiṫe guáirdeáin.


¶ Is marso a deir an TIĠEARNA; Ar son ṫrí sáruiġṫe Ḋamascus, agus ar son a ceaṫair, ní ċoigeola mé íad; do ḃríġ gur ḃuáileadar Gileád lé súistiġiḃ íaruinn:


Do cloċaḋ íad, do gearraḋ ó ċéile íad, do cuireaḋ caṫuġaḋ orrṫa, do marḃaḋ ré cloiḋeaṁ íad: do ḃádar ar seaċrán a nunn sa nall a gcroicniḃ cáoraċ agus gaḃar, ar mbeiṫ ḋóiḃ a ríaċdanus, dá mbuáiḋreaḋ, agus dá gcráḋ;


Agus dfill Iosua, agus Israel uile maille ris, don ċampa go Gilgal.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ