Agus tárla, tar eis na blíaḋna do ċaiṫeaḋ, fa nam a ttéid ríġṫe amaċ ċum caṫa, gur ċuir Dáiḃi Ióab, agus a ṡerḃísiġ leis, agus Israel uile amaċ; agus do scriosadar clann Ammon, agus do ṡuiġeadar timċioll Rabbah. Aċ dfán Dáiḃi ann Ierusalem.
Ann sin a duḃairt Dáiḃi ris an tteaċdaire, Mar so déara tú ré Ióab, Ná cuiréaḋ an ní si ort, óir marḃuiḋ an cloiḋeaṁ duine mar ḋuine oile: déana do ċaṫ nios láidre a naġaiḋ na caiṫreaċ, agus mill í: agus cuirse meisneaċ ann.
¶ Agus tárla, a núair do ḃí Dáiḃi ar tteaċd go Mahanaim, go ttug Sobi ṁac Nahas ó Rabbah do ċloinn Ammon, agus Maċir ṁac Ammiel ó Lodebar, agus Barsillai an Gileadíteaċ ó Rogelim,
Oír do bé Og riġ Básan aṁáin do ṁair dtuiġioll na naiṫeaċ; féuċ, do ḃí a leaba na leaba híarann; naċ ḃfuil sí a Rabbat ċloinne Ammon? náoi ccuḃaid do ḃí na fad, agus ceiṫre cuḃaid na leiṫead, do réir ċuḃad fir.