Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




II Samuel 12:24 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

24 ¶ Agus do ḃí Dáiḃi ag déanaṁ sóláis dá ṁnáoi Bat‐seba, agus do ċuáiḋ sé a steaċ mar a raiḃ si, agus do luiḋ lé: agus rug sí mac ḋó, agus tug sé Solaṁ dainm air: agus dob ionṁuin leis an TIĠEARNA é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




II Samuel 12:24
13 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ċuir sé le láiṁ Nátan an fáiḋ; agus do ġoír sé Iedidiah dainm ḋe ar son an TIĠEARNA.


Agus síad so anmanna an ṁéid rugaḋ ḋo ann Ierusalem; Sammua, agus Sóbab, Nátan, agus Solomon,


¶ Agus a nuáir ċríoċnoċar do láeṫesi, agus ċoidéolus tú a ḃfoċair haiṫreaḋ, cuirfe misi do ṡlioċd súas ad ḋiaiġ, noċ ṫiocfas amaċ as tínniġiḃ, agus daingneoċuiḋ mé a rioġaċd.


Aċ ni ṫug sé cuireaḋ do Nátan an fáiḋ, ná do Ḃenaiah, ná do na dáoimḃ cuṁaċdaċa, ná do Ṡolaṁ a ḋearḃraṫair.


¶ Uimesin do laḃair Nátan re Batséba maṫair Ṡoláiṁ, ġa ráḋ, Naċ ccúala tusa go ḃfuil Adoniiah mac Haggit na ríġ, agus ní ḃfuil a ḟios sin ag Dáiḃi ar ttiġearna?


Tuilleaṁ olle a duḃairt Dáiḃi ríġ ris an ccoṁċruinniuġaḋ uile, Mo ṁac Solaṁ, aṁáin noċ do ṫoġ Día, atá sé fós óg agus maoṫ, agus atá a nobair mór: óir ní do ḋuine atá an pálás, aċd don TIĠEARNA Día.


Agus do rugaḋ íadso ḋó ann Ierusalem; Símeá, agus Sóbab, agus Nátan, agus Solaṁ, ceaṫrar, le Batsua inġean Ammiel:


Naċ ar ṗeacuiġ Soluṁ ríġ Israel leis na neiṫiḃsi? giḋ naċ raiḃ a niomad críoċ a leiṫéid do ríġ, noċ dob ionṁuin le na Ḋía, agus do rinne Día ríġ ḋe ós cionn Israel uile: ṫairis sin ṫug mná coiṁíġṫeaċa airsion féin peacuġaḋ.


Oír bá mé mac mo aṫar, máoṫ agus aṁain ċeanaṁuil a raḋarc mo ṁáṫar.


Agus do ġein Iesse Dáiḃi an rí; agus do ġein Dáiḃi an ri Solomon on mnáoi do ḃi ag Urías;


¶ Agus a duḃairt sé ar Ḃeniamin, Do ḋéana an té is ionṁuin leis an TTIĠEARANA coṁnuiġe a ndaingion na ḟoċair; agus clúiḋeoċuiḋ an TIĠEARNA é ar feaḋ an laói uile, agus áiteoċuiḋ sé eidir a ġuáilliḃ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ