Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




II Samuel 12:16 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

16 Uime sin do ġuiḋ Dáiḃi Día fá an leanaṁ; agus do ṫroisg Dáiḃi, agus do ċuáiḋ a steaċ, agus do luiḋ feaḋ na hoiḋċe ar an talaṁ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




II Samuel 12:16
17 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

¶ Agus dimṫiġ Nátan dá ṫiġ. Agus do ḃúail an TIĠEARNA an leanaṁ, noċ rug bean Uriah do Ḋáiḃi, agus do ḃí sé ro ṫinn.


Agus a duḃairt seisien, An feaḋ do ḃí an leanaṁ fós beó, do ṫroisg mé agus do ġuil mé: óir a duḃairt mé, Cía agá ḃfuil a ḟios naċ bíaṫ Día grásaṁuil riom, go maḋ toil leis an leanaṁ da ṁarṫuinn?


Ann sin déiriġ an ríġ, agus do réub a éadaċ, agus do luiḋ ar an ttaluṁ; agus do ḃí a ṁuinntir uile na seasaṁ aige agus a néaduiġe briste.


¶ Agus tárla, a nuáir do ċuála Ahab na bríaṫra sin, gur réub sé a éadaċ, agus gur ċuir saicéadaċ ar a ċorp, agus gur ṫroisg, agus gur luiḋ a néadaċ tóinniġ, agus gur imṫiġ go mín.


Agus tárla, an tan do ċúala misi na bríaṫraso, gur ṡuiġ mé síos, agus gur ġuil mé, agus go ndéarna me doilġios laéṫe áiriġ, agus gur ṫroisg mé, agus gur ġuiḋ mé a ḃfiaḋnuise Dé neiṁe,


Imṫiġ, cruinniġ a ḃfoċair a ċéile a ḃfuil do Iuduiġiḃ a laṫair a Súsan, agus troisciḋ ar mo ṡonsa, agus ná hiṫiġ agus ná hiḃiḋ a ttrí lá, doiḋċe ná ló: troisgfe misi agus mo ṁaiġdiona mar an gcéadna; agus marsin raċuiḋ mé a steaċ ċum an ríġ, bíoḋ naċ do reír an dliġe: agus má ḃásuiġṫear me, básuiġṫear me.


Agus goir orumsa a ló a néigiontais: agus sáorfad ṫú, agus do ḃéara tú glóir ḋaṁ.


Agus do ġuil mé, agus do ḃí manam a ttrosgaḋ, agus do ċuíreaḋ sin a cceann mo scannlaċ.


Agus annsa ló sin do ġoir Tiġearna DIA na slóġ air ġul, agus air ċaói, agus ar ṁaóile, agus air ċriosluġaḋ lé saicéadaċ:


A ṪIĠEARNA, iona ṁuáiḋreaḋ ṫangadar ar cuáirt ċugadsa, do ḋóirteadar amaċ urnaiġ a nuáir ṫáinic do smaċduġaḋsa orra.


¶ Annsin do ċuáiḋ an ríġ da ṗálás, agus do ċaiṫ sé a noiḋene na ṫrosgaḋ: ni mó tugaḋ aḋḃa ċiúil do laṫair: agus do ċuáiḋ a ċodlaḋ úaḋ.


¶ Agus do ċuir mé maġaiḋ air an Tiġearna DIA, dá íarruiḋ le hurnuiġ agus lé gearánuiḃ, maille re trosgaḋ, agus le saicéadaċ, agus lé luáiṫreaḋ.


Cía agá ḃfuil a ḟios naċ iompoċaḋ Día agus go maḋ aiṫreaċ é, agus go ḃfillfeaḋ sé ó na ḟeirg ḟíoċṁuir, iondus naċ imṫiġiom seaċad?


Agus do ḃí sé trí láeṫe gan aṁarc ar biṫ aige, agus níor íṫ agus níor iḃ éinni.


¶ Agus do stíall Iosua a éadaċ, agus do ṫuit ċum talṁan ar a aġaiḋ as coinne airce an TIĠEARNA go tráṫnóna, é féin agus sinnsir Israel, agus do ċuireadar luáiṫreaḋ ar a gceannuiḃ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ