14 Giḋeaḋ, do ċionn go ttug tú leis an ngníoṁso cúis ṁór dá náṁuid an TIĠEARNA do scanniuġaḋ, an leanaṁ fós do rugaḋ ḋuit, do ġeaḃa sé bás go deiṁin.
¶ Agus dimṫiġ Nátan dá ṫiġ. Agus do ḃúail an TIĠEARNA an leanaṁ, noċ rug bean Uriah do Ḋáiḃi, agus do ḃí sé ro ṫinn.
Agus mar an ccéadna a duḃairt mé, Ni maiṫ an ní do níṫí: naċ ar ċóir ḋíḃse siuḃal a neagla ar Ndé do ḃríġ masla na ngeinteaḋ ar náṁad?
An drong atá ag feiṫioṁ ortsa, a ṪIĠEARNA Día na slúaġ, ná claóiḋṫear íad ná bíoḋ náire orra air mo ṡonsa: an drong íarrus ṫusa, a Ḋé Israel.
Cá fad, a Ḋé, ḃías a neasccara ag scannluġaḋ? an mbía an náṁuid ag tarcuisniuġaḋ ċoiḋċe?
Is beannuiġe an duine, a ṪIĠEARNA, noċ smaċduiġios tusa, agus ṁúineas tú as do ḋliġeaḋ;
O a ṪIĠEARNA ar Ndíane do ċúala tú íad: ad Ḋía ṁaiṫfeaċ do ḃí tú ḋóiḃsion, aċt ċeana ag déanaṁ dioġaltais air a naindliġṫiḃ.
Anois ar a naḋḃarsin, cred atá agam annso, a deir an TIĠEARNA, as a rugaḋ mo ḋaóine uáim gan aḋḃar? do ḃeir an luċt ríaġlas ós a ccionn orra núallġul, a deir an TIĠEARNA, agus atá mainmsi a gcoṁnuiḋe gaċ láe ar na ṁasluġaḋ.
Siḃsi aṁáin daiṫin mé duile ṁuinntearuiḃ na talṁan: uimesin smaiċteoċa mé siḃ ar son ḃur nuile éigceart.
Is mairgneaċ don doṁan ar son oilḃeimeann! oir is éigin do na hoilḃéimeannaiḃ teaċd; aċd ċeana is anáoiḃin do duine tré a dtig an toilḃéim!
Oír masluiġṫear ainm Dé ṫríḃsi eidir na Cineáḋaċuiḃ, mar atá sgríoḃṫa.
Giḋeaḋ an tan ḃeirṫear breaṫ oruinn, is ris an Tiġearna smaċdaiġṫear sinn, deagla ar ndamnaiġṫe maille ris a tsáoġal.
Oír smaċduiġe an Tíġearna an tí ġráḋuiġeas sé, agus sgíurfuiḋ sé gaċ mac ré ngaḃann sé.
An ṁéid is ionṁuin leamsa, cronuiġim agus smaċduiġim íad: uime sin bíoḋ teasġráḋ agad, agus déun aiṫriġe.