Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




II Samuel 12:13 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

13 Agus a duḃairt Dáiḃi re Nátan, Do ṗeacaiḋ mé a naġaiḋ an TIĠEARNA. Agus a duḃairt Nátan ré Dáiḃi, Do ċuir an TIĠEARNA mar an gcéadna do ṗeacaḋsa ar gcúl; ní ḃfuiġe tú bás.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




II Samuel 12:13
46 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Ní ḃfuil duine is mó ná mé iona ṫiġ; agus níor ċonnuiṁ sé éinní uaim, aċ ṫusa, do ċionn gur tú a ḃean: cionnus ḟéaduimse mar sin an tolc mór sa, agus an peacaḋ do ḋéanaṁ a naġuiḋ Dé?


¶ Agus do ġoin croiḋe Ḋáiḃi é féin tar éis na ndaoineaḋ áireaṁ ḋó. Agus a duḃairt Dáiḃi ris an TTIĠEARNA, Do ṗeacaiḋ mé go mór annsa ní do rinne me; agus a nios, guiḋim ṫú, a ṪIĠEARNA, glan do ṡearḃḟoġantuiġ óna éigceart; óir do rinne mé go ro leaṁ.


Agus do laḃair Daiḃi ris an TTIĠEARNA a nuáir do ċonnairc sé an taingeal do ḃuáil na daóine, agus a duḃairt, Feuċ, is misi do ṗeacaiḋ, agus do rinne droiċ ní, aċ na caóiriġsi, cred do rinneadar? bíoḃ do láṁ am aġaiḋsi, guiḋim ṫú, agus a naġaiḋ ṫiġe maṫar.


¶ Agus tárla, a nuáir do ċúala an riġ Ieroboam glór óglaiċ Dé, noċ do ġair a naġaiḋ na haltóra a Mbétel, gur ċuir sé a láṁ amaċ ó naltóir, ḋa ráḋ, Beiriġ air. Agus an láṁ, do ċuir sé amaċ na aġaiḋ, do ṫiormuiġ sí súas, iondus nar ḟéud sé a taḃairt ċuige ar a hais a rís.


Agus a duḃairt Ahab re Helias, An ḃfúair tú mé, ó mo náṁuid? Agus do ḟreagair seision, Fúarus: do ḃríġ gur reac tú ṫú féin doibriuġaḋ uile a raḋarc an TIĠEARNA.


Agus a duḃairt ríġ Israel re Iehosaṗat, Atá fós éanduine aṁáin, Micaiah ṁac Imlah, tre a ḃféudam fíafriuġaḋ don TIĠEARNA: aċt atá fúaṫ agumsa air; óir ní ṫairġirionn maiṫ ḋaṁ, aċ olc. Agus a duḃairt Iehosaṗat, Ná habraḋ an ríġ sin.


Ann sin do ċuir an ríġ ċuige caiptín cáogaid maille re na ċáogad. Agus do ċúaiḋ sé súas ċuige: (agus, féuċ, do ḃí seision na ṡuiġe ar ṁullaċ cnuic). Agus do laḃair sé ris, Ṫusa a óglaiċ Dé, duḃairt an ríġ, Tar a nuás.


Agus a duḃairt Dáiḃi re Día, Do ṗeacaiḋ mé go mór, do ḃríġ go ndéarna mé an ní so: aċt a nois, guiḋim ṫú, cuir éacceart do ṡearḃḟoġantuiġ ar ccúl; óir do rinne mé so go ro ṁíċéilliġ.


Ann sin do ḃí fearg air Asa ris an ḃféuċadóir, agus do ċuir sé a ttiġ príosúin é; óir do ḃí sé air cuṫaċ ris dá ḃríġ so. Agus do ḃrúiġ Asa drong don ṗobal fa namsin féin.


Agus tárla, mar do ḃí sé ag caint ris, go nduḃairt an riġ ris, A ndéarnaḋ coṁairleaċ don ríġ ḋíotsa? coisc; cred fá mbuailfiḋ ṫú? Annsin do ċoisc an fáiġ, agus a duḃairt sé, aiṫniġim gur ċinn an TIĠEARNA ar do ṁilleaḋ, do ḃríġ go ndearna tú so, agus nár éist tú rem ċoṁairlesi.


Féuċuiḋ sé ar na daóiniḃ, agus má deir áonduine, Do ṗeacuiḋ mé, agus do ċuir mé an ceart ar ccúl, agus ní ḋéarna tarḃa ḋaṁ;


Coṁḟad atá a náird ṡoir ó náird ṡíar, do ċuir sé ar bpeacuiḋe uáinne.


Oír ní íarrann tú íoḋbairt; agus go ttiuḃruinn sin uáim: ní ḃfuil dúil agad a nofráil loisge.


Ad haġaiḋsi, féin aṁáin, do ṗeacaiḋ mé, agus ad raḋarcsa do rinneas an tolc: ċum go ḃfíoruiġṫear ṫusa ann hurlaḃra, agus go raḃair fíorġlan ann do ḃreiṫeaṁnus.


Féuċ, iarruiḋ tú fírinne taoḃ a stiġ: agus a secréid dfoillsiġ tú crionnaċd daṁsa.


Agus do ċuir Ṗárao, fios ar Ṁaóisi agus air Aáron, agus do ráiḋ riú, Do ṗeacuiḋ mé a nuairsi: atá an TIĠEARNA firéunta, agus átaimsi agus mo ṁuinntir go holc.


Aṁuil clúasḟáinne óir, agus aṁuil córuġaḋ dór ġlan, marsin ḃíos an taiṫḃioraċ glic ar ċlúais uṁail.


Giḋ bé ċeilios a ṗeacuiġe ní ḃía biseaċ air: aċt giḋ bé adṁas agus ṫréigios íad do ġeaḃa sé trócaire.


Féuċ, arson síoḋċana fuáir mé searḃus mór: aċt ar ġráḋ manma do ṡáor tusa é ó ṗoll an truáilliġṫe: óir ro ṫeilgis mo ṗeacuiḋe uile táoḃ ṡíor dot ḋruim.


Níor ċeamuiġ tú giolcah milis daṁ ar airgiod, ní mó do líon tú mé lé méuṫus híobarṫaċ: aċt ṫug tú orum foġnaṁ maille red ṗeacaḋuiḃ, ṫug tú orum sáoṫruġaḋ led égceartaiḃ.


Do scrios mé, do ċionta amaċ, aṁuil néull ṫiuġ, agus, do ṗeácuiḋ, aṁuil néull: fill ċugamsa; óir dfúascuil mé ṫú.


Aċt ma tá go noibríġionn sé doilġios, giḋeaḋ biáiḋ truaige aige do réir iomaid a ṫrócaireaḋ.


¶ Agus an té ḋéanas aḋaltrannas ré mnaói ḋuine eile, do ḋéanas aḋaltrannus re mnaói a ċoṁársan, cuirfiġear go deṁin an taḋaltrannaċ fir agus mná cum báis.


¶ Agus an te ṁarḃus éanduine cuirfíġear go deiṁin ċum báis é.


Agus do ḟreagair sé agus do laḃair ris an ndroing do ṡeas as a ċoinne, ag ráḋ, Beiriḋ liḃ na héaduiġe salċa úaḋ. Agus a duḃairt sé rision, Féuċ, ṫug mé air héigceart imṫeaċd uáit, agus éideoċa mé ṫú lé malairt culaiḋ.


Agus ar gcur ḟir díċeanta úaḋ, do ḃean sé a ċeann Déoin ann sa ṗríosún.


Agus a duḃairt an mac ris, A aṫair, do ṗeacaiġ méa naġuiḋ neiṁe, agus ad ḟiaḋnuisisi, agus ní fiu mé feasda do ṁacsa do ġairim ḋiom.


Agus ar seasaṁ don ṗuíbliocán, a ḃfád úaḋ, nior ḃáill leis fiú a ṡúl do ṫoġáil suás ċum neiṁe, aċd do ḃuaileaḋ sé a uċd, ag ráḋ, A Ḋía déana trócaire oramsa an peaċṫaċt.


Agus ar na ċloinsin so ḋóiḃ, do goineaḋ ann a gcroiḋe íad, agus a duḃradar ré Peadar agus ris an gcuid eile do na heasbaluiḃ, A ḟeara agus a ḃráiṫreaċa, créud do ḋéunam?


(Oír mar sin bá héigean dó páis dfulang do minic ó ṫús an doṁáin: aċd a nois do foillsiġeaḋ é éun uáir aṁáin a ndeireaḋ an tsáoġail, ċum an ṗeacuiḋ sgrios tré na ioḋbairt féin.


Aċd da siuḃlam sa tsolas, aṁuil atá seision sa tsolas, atá cumann aguinn ré ċéíle, agus glanuiḋ fúil Iósa Críosd a Ṁicsion sinn ó nuile ṗeacaḋ.


Agus ó Iósa Críosd, an ḟíaḋnuisí ḟíre, an ċéidġin ó ṁarḃuiḃ, agus prionnsa ós ríoġuiḃ na talṁan. An tí do ġráḋuiġ sinn, agus do ionnail sinn ór bpeacaḋuiḃ ré na ḟuil féin,


Agus a duḃairt Saul ré Samuel, Ní heaḋ, do uṁluiḋ misi do ġuṫ an TIĠEARNA, agus do ċuáiḋ mé san tsliġe ionar ċur an TIĠEARNA mé, agus ṫug mé Agag ríġ na Namaleciteaċ liom, agus do scrios mé na Hamalecitiġ uile.


Ann sin a duḃairt sé, Do ṗeacaiḋ mé: giḋeaḋ guiḋim ṫú, onóruiġ mé anois, roiṁe ṡeanuiḃ mo ṗobail, agus roiṁe Israel, agus iompoiġ liom a rís, go naḋraiḋ mé do ṪIĠEARNA Día.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ