12 Oír do rinne tusa a ḃfolaċ é: aċd do ḋéana misi an nísi as coinne Israel uile, agus as coinne na gréine.
Mar sin do leaṫnuiġeadar páillíun do Absolon ar ṁullaċ an tiġe; agus do ḃí Absolon ag leannánuiḃ a aṫar a raḋarc Israel uile.
Annsin meilioḋ mo ḃean do neaċ oile, agus cromaidís daóine oile síos uirre.
Ní ḃfuil dorċadas, nó scáile báis, mar a ḃféudfaidis oibriġṫe na héaccóra íad féin dfolaċ.
Oír do ḃéaruiḋ Día gaċ uile obair ċum breiṫeaṁnuis, maille re gaċ uile ní secréideaċ, mas maiṫ, ná mas olc é.
Uime sin ná beiriḋ breiṫ ar áoinní roiṁ a nam, nó go dtíg an Tiġearna, noċ ḟoillseóċas neiṫe folaiġeaċa an dorċadais, agus noċdfus rún na gcroiḋeaḋ: agus ann sin do ġéuḃaiḋ gaċ áon molaḋ ó Ḋía.