10 Anois ar a naḋḃarsin ní ḋeíleoċuiḋ an cloiḋeaṁ re do ṫiġ ċoiḋċe; do ċionn mar do ṫarcuisniġ tú misi, agus go ttug tú bean Uriah an Hititiġ dá beiṫ na mnáoi ḋuit féin.
Agus do corruiġeaḋ an ríġ go mór, agus do ċuáiḋ súas don tséomra ós cionn an ġeata, agus do ġuil sé: agus ag imṫeaċd dó, a dúḃairt mar só, O a ṁic Absolon, a ṁic, a ṁic Absolón, do ḃféarr liom gur mé féin do ġeaḃaḋ bás ar do ṡon, ó Absolon, a ṁic, a ṁic!
Do ċionn go ndéarna Dáiḃi an ní fa ċeart a raḋarc an TIĠEARNA, agus nar ḟill do leaṫṫaóiḃ ó ní ar biṫ dár aiṫin de ar feaḋ laéṫeaḋ a ḃeaṫa, aċt aṁáin a ccúis Uriah an Hititeaċ.
Aċd an feaḋ míosa iomláine, nó go ttí sé amaċ ar ḃur srónṗollairiḃ, agus go raiḃ glonnṁar aguiḃ: do ċionn gur ṫarcuisniġ siḃ an TIĠEARNA noċ atá ḃar measc, agus gur guileaḃair dá laṫair, gá ráḋ, Créad as a ttangamar amaċ as a Négipt?
Ní héidir lé neaċ air biṫ seirḃis do ḋéunaṁ do ḋa ṫiġearna: óir bíaiḋ fúaṫ aige do ḋuine aca, agus gráḋ don duine eile; nó ceangallfuiġ sé do neaċ aca, agus do ḃéuraiḋ sé tarcuisne ar an dara ḟear. Ní héidir liḃ seirḃis do ḋéunaṁ do Ḋía agus do ṁammon.
Uime sin a deir TIĠEARNA Día Israel, A duḃairt mé go deiṁin go sioḃólaḋ do ṫiġse, agus tiġ haṫar, am ḟiaḋnuisi go bráṫ: aċt anois a deir an TIĠEARNA, Bíoḋ sin a ḃfad uáim; óir an luċd onóruiġios mé a síad do ḋéansa onóruġaḋ, agus an luċd ṫarcuisniġios mé buḋ ḃeag a meas.