8 Agus a duḃairt Dáiḃi ré Huriah, Imṫiġ síos dot ṫiġ, agus ionnuil do ċosa. Agus dimṫiġ Uriah as tiġ an ríġ, agus do cuireaḋ coṁroinn ḃíḋ na ḋiáiġ ón ríġ.
Agus a duḃairt sé, Féuċuiḋ anois a ṫiġearnaḋa, íarruim oruiḃ, filliḋ asteaċ, go tiġ ḃur seirḃísiġ, agus ḟanuiḋ ar feaḋ na hoiḋċe, agus ionnluiġ ḃur ccosa, agus eireoċuiḋ siḃ súas go moċ, agus raċaiḋ siḃ roṁuiḃ ann ḃur tturus. Agus a duḃradar san, Ni heaḋ; aċ anfam ar a tsráid feaḋ na hoiḋċe.
Agus do ġlac seision agus do ċuir míasa bíḋ ċuca ona ḃord féin: giḋeaḋ fá mó oirċeasaċd Ḃeniamin cuig uáire ná cuid áonduiné acasan. Agus doiḃeadar, agus do ḃádur suḃaċ aige.
A ṁairg don droing ṫéid a ndoiṁne do ċeilt a ccoṁairle ón TTIĠEARNA, agus atáid a noibreaċa a ndorċadas, agus a deirid, Cía ċí sinn? agus cía agá ḃfuil éolus oruinn?
Agus ar ḃfilleaḋ ḋó ċum na mná, a duḃairt sé ré Síomón, An ḃfaicean tú an ḃean so? ṫáinic misi a sdeaċ dod ṫiġsi agus ní ṫug tú uisgi ċum mo ċos díonlaḋ: aċd do niġ an ḃean so mo ċosa le na déuruiḃ, agus dé ṫiormuiġ sí íad le grúaig a cinn.