Má ní tú go maiṫ, naċ nglacfuiġṫear ṫú? agus muna ndéarna tú go maiṫ, atá an péacaḋ na luiġe ag an dorus, agus biáiḋ a ḟonn ċugadsa, agus riaġloċuiḋ tú ós a ċionn.
¶ Uime sin a dúḃairt an Tiġearna, Do ḃríġ go ttairingid an ṁuinntirse láiṁ riom le na mbéul, agus go nonóruiġid le na bpuisiniḃ mé, aċt gur áṫruiġeadar a ccroiḋe a ḃfad uáim, agus gur múineaḋ a neagla dom ṫaóiḃsi maille re aiṫne ḋaóine:
Ann sin a duḃairt sé, Do ṗeacaiḋ mé: giḋeaḋ guiḋim ṫú, onóruiġ mé anois, roiṁe ṡeanuiḃ mo ṗobail, agus roiṁe Israel, agus iompoiġ liom a rís, go naḋraiḋ mé do ṪIĠEARNA Día.