Agus do ḟuaṫuiġ Esau Iacob ar son na beannaċda lear ḃeannuiġ a aṫair é: agus a duḃairt Esau na ċroiḋe, Atáid láeṫe cuṁa ar son máṫar a ḃfogus; ann sin ṁuirfeas misi mo ḋearḃraṫair Iacob.
Agus tangadur gó hurlúr ḃuáilte Atad, noċ ata táoḃ ṫall do Iórdan agus ann sin do rinneadur cuṁa maille ré caóineaḋ aḋḃalṁor: agus do rínne dóḃrón ann sin ar a aṫar seaċd lá.
Ann sin a duḃairt Dáiḃi ris an tteaċdaire, Mar so déara tú ré Ióab, Ná cuiréaḋ an ní si ort, óir marḃuiḋ an cloiḋeaṁ duine mar ḋuine oile: déana do ċaṫ nios láidre a naġaiḋ na caiṫreaċ, agus mill í: agus cuirse meisneaċ ann.
Agus do ċuir Ióab fios go Tecoah, agus ṫug as sin bean ċríonna, agus a duḃairt ría, Guiḋim ṫú, léig ort féin ḃeiṫ ad ċuṁaċ, agus cuir ort a nois éadaċ cuṁa, agus ná cumuil ola ḋíot féin, aċ bí mar ṁnáoi atá ré fada a geuṁaiḋ ar son an ṁairḃ.
¶ Agus a duḃairt Dáiḃi re Ióab, agus ré a raiḃ na ḟoċair, Brisiḋ ḃur néaduiġe, agus gaḃuiḋ siḃ féin a saic‐éadaċ, agus caóiniḋ roiṁe Abner. Agus do lean Dáiḃi an ríġ féin an cróċar.