Agus a duḃairt an teaċdaire re Dáiḃi, Go deiṁin rugadar na daóine buáiḋ oruinn, agus ṫangadar amaċ oruinn san maċaire, agus do ḃámairne orrasan go nuige an geata.
Ann sin a duḃairt Dáiḃi ris an tteaċdaire, Mar so déara tú ré Ióab, Ná cuiréaḋ an ní si ort, óir marḃuiḋ an cloiḋeaṁ duine mar ḋuine oile: déana do ċaṫ nios láidre a naġaiḋ na caiṫreaċ, agus mill í: agus cuirse meisneaċ ann.
Ann sin do ḟreagair Dáiḃi agus a duḃairt sé re Haċimeleċ an Hitíteaċ, agus re Habisai ṁac Seruíah, dearḃraṫair Ióab, ḋá ráḋ, Cía raċus liom síos don ċampa go Saul? agus a duḃairt Abisai, Raċa misi leaċd síos.