II Samuel 11:11 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)11 Agus a duḃairt Uriah re Dáiḃi, Atá a náirc, agus Israel, agus Iúdah, a bpáilliúnuiḃ; agus atá mo ṫiġearna Ióab, agus serḃísiġ mo ṫiġearna, a ccampa ann sna maċairiḃ réiḋe; an raċa misi maseaḋ dom ṫiġféin, diṫe agus dol, agus do luiġe lem ṁnáoi? mar ṁairios tusa, agus mar is beó hanum, ní ḋéana misi an ní sin. အခန်းကိုကြည့်ပါ။ |
Agus a duḃairt an ríġ, Naċ ḃfuil láṁ Ioab leaċd annsa ċúisse uile? agus do ḟreagair an ḃean, agus a duḃairt, Mar ṁairios hanum, a ṫiġearna mo ríġ, ní feidir le héinneaċ filleaḋ ar a láiṁ ḋeis nó ċle ó éinní dar laḃaír mo ṫiġearna an ríġ: oir isé do ṡearḃḟoġantuíġ Ióab, a duḃairt riomsa, agus do ċuir na bríaṫra so uile a mbeul do ḃanóglaiċ:
Agus ṫug Dáiḃi a ṁionna fós, agus a duḃairt, Atá a ḟios ag haṫairsi go deiṁin go ḃfuair misi grása ann do raḋarcsa; agus a duḃairt seision, Ná bióḋ a ḟios so ag Ionatan, deagla go ngoillfeaḋ sé air: aċd go deiṁin mar ṁairios an TIĠEARNA, agus mar ṁairios hanamsa, ní ḃfuil aċd coisceím eadram agus bás.