Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




II Samuel 11:10 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

10 Agus a nuáir dinnsiodar do Ḋáiḃi, ḋa ráḋ, Ní ḋeaċaiḋ Uriah síos ḋá ṫiġ, a duḃairt Dáiḃi re Huriah, Naċ dtáinic tú ód aistior? uime sin créd fa naċ deaċaiḋ tú síos dot ṫiġ?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




II Samuel 11:10
3 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus a duḃairt Uriah re Dáiḃi, Atá a náirc, agus Israel, agus Iúdah, a bpáilliúnuiḃ; agus atá mo ṫiġearna Ióab, agus serḃísiġ mo ṫiġearna, a ccampa ann sna maċairiḃ réiḋe; an raċa misi maseaḋ dom ṫiġféin, diṫe agus dol, agus do luiġe lem ṁnáoi? mar ṁairios tusa, agus mar is beó hanum, ní ḋéana misi an ní sin.


Aċ do ċoduil Uriah ag dorus ṫiġe an ríġ maráon re serḃíseaċaiḃ a ṫiġearna uile, agus ní ḋeaċaíḋ sé síos ḋa ṫiġ.


Agus do ċuir an TIĠEARNA Nátan ċum Dáiḃi. Agus ṫáinic sé ċuige, agus a dúḃairt ris, Do ḃádar dias fear a néanċaṫruiġ; fear aca saiḋḃir, agus an fear oile boċd.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ