9 A núair do ċonnairc Ióab go raiḃ aġaiḋ an ċaṫa air roiṁe agus na ḋiáiġ, do ṫoġ sé amaċ roġa ḟear Israel, agus do ċuir a naġaiḋ na Sírianaċ iad a nórduġaḋ:
Agus tangadar clann Ammon amaċ, agus do ċuireadar an caṫ a nórduġaḋ a ndul a steaċ an ġeata: agus do ḃádar Sirianuiġ Ṡoba, agus Rehob, agus Iṡtob, agus Ṁaacah, leó féin sa maċaire.
Agus do ċuir Dáiḃi amaċ trían na ndáoine fáoi laíṁ Ióab, agus trían faoi láiṁ Abisai mac Seruiah, dearḃráṫair Ióab, agus trían fáoi láiṁ Ittai an Gitíteaċ. Agus a duḃairt an ríġ ris an bpobal, Raċa misi fós liḃ amaċ go deiṁin.