Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




II Samuel 10:8 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

8 Agus tangadar clann Ammon amaċ, agus do ċuireadar an caṫ a nórduġaḋ a ndul a steaċ an ġeata: agus do ḃádar Sirianuiġ Ṡoba, agus Rehob, agus Iṡtob, agus Ṁaacah, leó féin sa maċaire.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




II Samuel 10:8
13 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

¶ Agus a núair do ċonncadar clann Ammon gur ḃréanadar a laṫair Ḋáiḃi, do ċuireadar clann Ammon teaċda úaḋa agus do ġlacadar air ṫuarusdal Sírianuiġ Ḃet‐rehob, agus Sírianuiġ Ṡóba fiṫċe míle coisiġ, agus ó ríġ Maacah míle fear, agus ó Istob ḋá ṁile ḋéug fear.


Agus a nuáir do ċúala Dáiḃi sin, do ċuir se amaċ Ióab, agus slúaġ na ndáoine árraċda uile.


A núair do ċonnairc Ióab go raiḃ aġaiḋ an ċaṫa air roiṁe agus na ḋiáiġ, do ṫoġ sé amaċ roġa ḟear Israel, agus do ċuir a naġaiḋ na Sírianaċ iad a nórduġaḋ:


Eliṗelet mac Ahasbai, mac an Ṁaahatiteaċ, Eliam mac Aċitoṗel an Giloniteaċ,


Agus do ċruinniġ sé daóine ċuige, agus do rinneaḋ caiptín ós cionn cuidéaċda ḋe, a nuáir do ṁarḃ Dáiḃi daóine Ṡóbah: agus do ċúadar go Damascus, agus do áitiġeadar ann sin, agus do ḃí sé na ríġ an Damascus.


Marsin do ḟostóiġeadar dó air ṫríoċad míle carbad, agus riġ Maaċah gun a ṁuinntir; noċ ṫáinic agus do ṡuiġeadar a slúaġ as coinne Ṁedeba. Agus do ċruinniġeadar clann Ammon íad feín a ḃfoċair a ċéile ó na ccaiṫreaċaiḃ, agus ṫangadar ċum caṫa.


Agus ṫangadar clann Ammon amaċ, agus do ċuireadar an caṫ a nórduġaḋ as coinne ġeata na caiṫreaċ: aċd na ríġṫe ṫáinic do ḃádar leó féin san maċaire.


Annsin ṫangadar go Gedaliah go Mispah, eaḋon Ismael ṁac Netaniah, agus Iohanan agus Ionatan ṁac Careah, agus Seraiah ṁac Tanumet, agus mic Eṗai an Netoṗatiteaċ, agus Iesaniah mac Ṁaaċatitiġ, íad féin agus a muinntir.


¶ Marsin do ċúadar suas, agus do spíonadar an tír ó ḟásaċ Sin go Rehob, mar a ttigid dáoine go Hamat.


Agus Hebron, agus Rehob, agus Hammon, agus Cánah, eaḋon go nuige Sídon mór;


¶ Ní mó do ḋibir Aser áitreaḃuiġ Acċo, nó áitreaḃuiġ Sídon, nó Ahlah, nó Aċsib, nó Helbah, no Aṗic, nó Réhob:


Annsin do ṫeíṫ Ieṗta ó na ḋearḃráiṫriḃ, agus dáitriḃ sé a gcríċ Ṫob: agus do ċruinniġeadar dáoine dioṁain ċum Ieṗtah, agus do ċuádar leis amaċ.


Agus is aṁluiḋ ḃí, a núair do rinneadar clann Ammon cogaḋ a naġaiḋ Israel, go ndeaċadar sinsir Ġílead do ṫaḃairt Ieṗtah ó ṫír Ṫob:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ