¶ Agus a núair do ċonncadar clann Ammon gur ḃréanadar a laṫair Ḋáiḃi, do ċuireadar clann Ammon teaċda úaḋa agus do ġlacadar air ṫuarusdal Sírianuiġ Ḃet‐rehob, agus Sírianuiġ Ṡóba fiṫċe míle coisiġ, agus ó ríġ Maacah míle fear, agus ó Istob ḋá ṁile ḋéug fear.
Agus tangadar clann Ammon amaċ, agus do ċuireadar an caṫ a nórduġaḋ a ndul a steaċ an ġeata: agus do ḃádar Sirianuiġ Ṡoba, agus Rehob, agus Iṡtob, agus Ṁaacah, leó féin sa maċaire.