4 Ar a naḋḃarsin do ġlac Hanun serḃísiġ Ḋáiḃi, agus do ḃeárr ḋíoḃ leaṫ a ḃféasóg, agus do ġéarr a néaduiġe iona lár go nuige a mása, agus do ċuir ar siuḃal íad.
A núair do innisiodar sin do Ḋáiḃi, do ċuir sé aírrcís orra, do ċionn go raiḃ náire ṁor ar na daoiniḃ: agus a duḃairt an riġ riú, Fanuiḋ ann Ieriċo nó go ḃfásuiḋ ḃur ḃféasóga, annsin filliġ.
Do ċuáiḋ sé súas go Baiit, agus go Díbon, na háite árda, do ġul: núallfuiḋ Moab ós cionn Nébo, agus ós cionn Ṁedeba: biáiḋ maóile ar a cceannuiḃ uile, agus gaċ áon ḟéasóg geárrṫa ḋíoḃ.
Mar sin ḃéaras ríġ na Hassíria an Hégiptiġ leis ná bpríosúnaċaiḃ, agus na Hetíopiġ na mbraiġdiḃ, óg agus sean, noċduiġ agus lomċosaċ, eaḋon gon a masuiḃlomnoċd, ċum náire don Négipt.
Go ttáinic daóine airiġ ó Ṡeċem, ó Ṡíloh, agus ó Ṡamária, eaḋon ceiṫre fiṫċid fear, agá raḃadar a ḃféasóga beárrṫa agus a néaduiġe réubṫa, agus ar na ngearraḋ féin, maille re hofráluiḃ agus túis iona láṁuiḃ, dá ttaḃairt go tiġ an TIĠEARNA.