16 Agus do ċuir Hadareser teaċda uaḋa, agus ṫug amaċ na Sírianuiġ noċ do ḃí táoḃ ṫall don naḃuinn: agus tangadar go Helam; agus Sobaċ Caiptín slóiġ Hadareser rompa.
Agus a nuáir do hinnseaḋ sin do Ḋáiḃi, do ċruinniġ sé Israel uile a gcionn a ċéile, agus do ċuáiḋ sé anonn tar Iórdan, agus ṫáinic go Helam. Agus do ċuireadar na Sirianuiġ íad féin a norduġaḋ a naġaiḋ Ḋáiḃi, agus do ṫroideadar ris.
¶ Agus an tan do ċonneadar na Sírianuiġ gur buáileaḋ le Hísrael íad, dó ċuireadar teaċda úaṫa, agus do ṫairngeadar amaċ na Sírianuiġ do ḃí táoḃ ṫall don naḃuinn: agus Sóṗaċ caiptín slóiġ Hadareser rompa.