Agus do ḟilleadar, agus tangadar go henmispat, eaḋon Cádes, agus do ḃuáileadur crioċ na Namaleciteaċ uile, agus mar sin na Hamoritiġ, do aitreaḃuiġ Haseson-tamar.
¶ Agus a nuáir do ḟéuċ sé air Amalec, dó ṫóg sé súas a ċosaṁlaċd, agus a duḃairt, Do bé Amalec príoṁṫús na ccinneaḋaċ; aċd buḋ í a ċríoċ ḋeiġionaċ, go mbía scriosta go bráṫ.
Anois éiriġ agus buáil Amalec, agus léirscrios gaċ uile ní dá ḃfuil aca, agus na coigil íad; aċ marḃ an ḃean agus an fear, an leanaṁ agus naoiḋe na cíċ, an daṁ agus an ċáora, an cáṁall agus an tassal.
¶ Agus do ċuáiḋ Dáiḃi agus a ṁuinntir súas, agus do ṫiomáineadar air na Gesurítiḃ, agus na Gersítiḃ, agus na Hamalecitiḃ: óir dob íad sin san tseanaimsir áitreaḃaiġ na tíre, mar ṫéid tú go Súr, air fad go críċ na Hégipte.
Agus tárla, a nuáir do ḃí Dáiḃi agus a ṁuinntir ar tteaċd go Siclág ar an treas lá, gur ionnsuiġeadar na Hamalecítiġ an táoḃ ó ḋeas, agus Siclag, agus do airgeadar Siclag, agus do loisceadar í le teiniḋ;
Agus a duḃairt Dáiḃi ris, Cía lear leis tusa? agus cía has a ttáinic tú? agus a duḃairt seision, Ogánaċ don Négipt mé, ṡerḃíseaċ do Amalaciteaċ; agus dfag mo ṁaiġistir mé, do ḃríġ gur ġlac tinnios mé trí la ó ṡin.
Agus dó ḃuáil Dáiḃi íad ó éirġe an láoi go ttáinig tráṫnóna ár na ṁáraċ: agus mor imṫiġ duine ḋioḃ, aċd ceiṫre ċéad ogánaċ, do ċúaiḋ ar ċáṁalluiḃ, agus do ṫeiṫ.