Agus a duḃairt an tógánaċ dinnis sin dó, Mar ṫárla ḋamsa do ċinneaṁuin ḃeiṫ ar ṡlíaḃ Gilboa, féuċ, do ḃí Saul na leaṫluiġe ar a ġaṫ; agus, féuċ, do leanadar na carbuid agus an marcṡlúaġ go géar na ḋiáiġ.
Anois a nuáir ṫáinic Meṗibóset, ṁac Ionatain, ṁic Sauil, mar a raiḃ Dáiḃi, do ṫuit sé ar a aġaiḋ, agus do rinne sé uṁla. Agus a duḃairt Dáiḃi, A Ṁeṗibóset. Agus do ḟreagair seision, Féuċ do ṡearḃḟoġantuiġ!
¶ Mar an ccéadna do ċúalaiḋ mé gúṫ an Tiġearna, ġa ráḋ, Cía ċuirfeas mé uaim, agus cía raċus air ar son? Annsin a duḃairt misi, Atáimse annso; cúir misi uáit.
Ann sin do ġoir sé go lúaṫ ar an nóganaċ do iomċraḋ a airm, agus a duḃairt sé ris, Tarruing do ċloiḋeaṁ agus marḃ mé, ċor naċ aibeoruid daóine riom, Do ṁarḃ bean é. Agus do ṡáiṫ an tógánaċ ṫríd, go ḃfuáir sé bás.