Agus a duḃairt Dáiḃi ris, Ciondas do ċúaiḋ an ċúis? Guiḋim ṫú, innis daṁ. Agus do ḟreagair seision, Gur ṫeiṫeadar cáċ as an gcaṫ, agus gur ṫuit agus gur marḃaḋ mórán don ṗobal; agus go raiḃ Saul agus Ionatan a ṁac marḃ mar an gcéadna.
Agus a duḃairt an tógánaċ dinnis sin dó, Mar ṫárla ḋamsa do ċinneaṁuin ḃeiṫ ar ṡlíaḃ Gilboa, féuċ, do ḃí Saul na leaṫluiġe ar a ġaṫ; agus, féuċ, do leanadar na carbuid agus an marcṡlúaġ go géar na ḋiáiġ.