24 Siḃsi a inġeana Israel, guiliḋ ós cionn Ṡauil, noċ do ċuir culaḋa scarláoide oruiḃ, maille re háoiḃneas, noċ do ċuir córuġaḋ óir air ḃur néaduiġiḃ.
Saul agus Ionatan do ḃádar gráḋaċ sólasaċ ann a mbeaṫaiḋ, agus ann a mbás níor roinneaḋ íad: bá luáiṫe íad ná ioluir, bá láidre ná leoṁuin iad.
Ciondus do ṫuiteadar na cuṁaċduiġ a meaḋón an ċaṫa! O a Ionatain, do marḃaḋ ṫú ann háitiḃ árda.
Teiṫid ríġṫe slúaġ, teiṫid: agus roinne sisi noċ ċoṁnuiġios a stiġ a néadail.
Aṁuil clúasḟáinne óir, agus aṁuil córuġaḋ dór ġlan, marsin ḃíos an taiṫḃioraċ glic ar ċlúais uṁail.
Ni ḃí eagla an tsneaċta uirre dá muinntir: óir bíd a muinntir uile éuduiġṫe le scarloid.
An ḃféadann maiġdionn a seóid do ḋearmad, nó an ḃean núaḋṗósta a cúlaiḋ? giḋeaḋ do ḋearmadar mo ḋaóine misi láeṫe gan áireaṁ.
Naċ rugadar búaiḋ? naċ ar roinneadar a néadail; da gaċ eaínfear cailin no ḋó; do Ṡisera éadáil iolḋaṫaċ, éadáil iolḋaṫaċ dobair ṡnaṫaide, iolḋaṫaċ dobair ṡnaṫaide air gaċ táoiḃ, ḟá ḃraiġdiḃ an luċd éadala.