¶ Oír, féuċ, tóigfe misi súas agus do ḃéara mé fa deara ar ċoiṁṫionól ṁorán cineaḋaċ teaċt súas a naġaíḋ na Babilóin ón tír ṫuáiġ: agus cuirfid íad féin a nórduġaḋ na haġuíḋ; béarṫar as sin í béid a soiġide aṁuil buḋ ó ḋuine ġasta neartṁar; ní ḟillfiḋ ar biṫ go díoṁaóin.
Cuirfe mé mo ṡaiġde ar meisge lé fuil, agus sluigfiḋ mo ċloiḋeaṁ feóil; agus sin lé fuil na márḃ agus na bpríosúnaċ, ó ṫosaċ an dioġaltais ar an náṁuid.
¶ Marsin do ġaḃ Saul an rioġaċd ós cionn Israel, agus do ċaṫaiġ a naġaiḋ a náṁad a nuile ṫáoḃ, a naġaiḋ Ṁóab, agus a naġaiḋ ċloinne Ammon, agus a naġaiḋ Edom, agus a naġaiḋ ríġ Sóbah, agus a naġaiḋ na Ḃṗilistineaċ: agus giḋ bé taoḃ a niompoiġeaḋ é féin, do ḃúaiḋreaḋ íad.