21 A ṡléiḃte Gilboa, ná raiḃ drúċd, ná fearṫuínn oruiḃ, nó maġa ofrála: óir is annsin do teilgeaḋ go tarcuisneaċ sciaṫ an ċumbaċduiġ seaċad, sciaṫ Ṡauil, mar naċ bíaḋ ungṫa le hola.
Agus do ḋéana mé fásaċ ḋi: ní ḋeiseoċṫar, agus ní róṁarṫar í; aċt fásfaiḋ a níos drise agus dosáin: agus fós fuáigeora mé do na néulluiḃ go naċ ḃfearfuid fearṫuinn uirre.
Is marso a deir an Tiġearna DIA; Ṫug mé golġáir annsa ló a ndéaċuiḋ sé síos annsa nuáiġ: dfoluiġ mé an taigeun dósan, agus do ṫoirmisc mé a ṫuilte, agus do stopaḋ na huisgeaḋa móra: agus ṫug mé air Léabanon cuṁa do ḋéanaṁ ar a ṡon, agus do anḃfainḃeadar uile ċrainn an ṁaġa ṫríd.
Malluiġiḋsi Méros, (do ráiḋ aingel an TIĠEARNA), malluiġiḋsi go deanaċdaċ a háitreaḃuiġ; do ċionn naċ dtangadar a ccaḃair an TIĠEARNA, a ccaḃair an TIĠEARNA a naġaiḋ na ccuṁaċdaċ.
An sin do ġlac Samuel soiṫeaċ ola, agus do ḋóirt air a ċeann é, agus do ṗóg é, agus a duḃairt, Naċ uime dungaiḋ an TIĠEARNA ṫu ċum ḃeiṫ ad ċaiptín ós cionn a oiġreaċda?
Agus a nois do ṫroideadar na Ṗilistiniġ a naġaiḋ Israel: agus do ṫeiṫeadar muinntir Israel roiṁe na Ṗilistineaċaiḃ, agus do ṫuiteadar síos marḃ a slíaḃ Gilboa.