2 Agus déiriġ an ḃean, agus do rinne do réir ḃréiṫre óglaiċ Dé: agus dimṫiġ sí maille re muinntir a tiġe, agus do rinne si coṁnuiḋe a ccríċ na Ḃṗilistineaċ seaċd mblíaḋna.
Ansin do laḃair Elisa ris an ṁnáoi, ar aiṫḃeoġuiḋ sé a mac, ġá raḋ, Eiriġ, agus imṫiġ ṫusa agus muinntir do ṫiġe, agus déana cuáirt giḋ bé áit a ḃféudfa tú coṁnuiḋe: óir do ġoir an TIĠEARNA air ġorta; agus tiucfaiḋ sí mar an gcéadna ar an ttír seaċd mblíaḋna.
Mar atá, cúig tiġearna na Ḃfilistíneaċ, agus na Canaanítiġ uile, agus na Sidónianuiġ, agus na Hiḃitiġ do áitriḃ a slíaḃ Lebanon, ó ṡlíaḃ Baalhermon go nuige dul a steaċ go Hámat.