7 Ar a naḋḃarsin do éirġeadar agus do ṫeiṫiadar a moċa laói, agus dfágḃadar a lóistíniġ, agus a neiċ, agus a nassuil, eaḋon an campa mar do ḃí sé, agus do ṫeiṫíadar ar son a nanma.
Agus do ċuáiḋ carbad súas agus ṫáinic as an Négipt ar ċeann sé ċéad secel airgid, agus eiċ ar ceann ċéud agus cáogad: agus mairsin do ríoġuiḃ na Hititeaċ uile, agus do ríoġuiḃ na Síria, agus do ḃeireaḋ síadsan amaċ íad le na láiṁ.
Agus do ṁarḃadar gaċ aon aca a ḋuine, agus do ṫeiṫeadar na Sírianuiġ; agus Israel na ttóruiġeaċd: agus do ċuáiḋ Ben‐hadad ríġ na Síria as ar muin eiċ agus a ṁarcṡlúaġ na ḟoċair.
¶ Agus do ḃí coiṁċriṫ annsa tsluaiġ, annsa maċaire, agus ar fud na ndaóine uile: an gárda, agus na creaċadóiriġ, do ḃí criṫeagla orrasan mar an gcéadna, agus do ċrioṫnuiġ an taluṁ: ionnus go raiḃ na ċrioṫnuġaḋ ro ṁór.