Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




II Rioġ 7:4 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

4 Má deirmid, raċam a steaċ don ċaṫruiġ, atá an ġorta san ccaṫruiġ, agus do ġeaḃam bás annsin: agus má ṡuiġemid annso a ccoṁnuiġ, do ġeaḃam bás mar an gcéadna. Anois ar a naḋḃarsin déanam, agus teiṫiom go slóġ na Síriánaċ: ma ċuṁduiġid béo sinn, bíam béo; agus má ṁarḃuid sinn, ní ḃfuiġiom aċd bás.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




II Rioġ 7:4
11 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Oír caiṫfiom bás dfulang, agus atámaóid mar uisge do ḋóirtfiḋ ar an dtalaṁ, naċ féidir do ċruinniuġaḋ a ris; agus ní ṁeasann Día pearsa, tar a ċéile: giḋeaḋ do ní sé sliġe, naċ scriosfuiḋe a ḋíbearṫaċ uaḋ.


¶ Agus tárla na ḋíaiġ so, gur ċruinniġ Ben‐hadad ríġ na Síria a ṡlúaġ uile, agus go ndeaċaiḋ súas, agus gur ṡuiġiḋ a ṡlúaġ ag Samária.


Agus do éirġeadar súas go moċṫráṫ, do ḋul a ḃfoslungṗort na Sírianaċ: agus a núair ṫangadár gus an ccuid dob ḟaide amaċ do ċampa na Sirianaċ, féuċ, ní raiḃ éanduine ann sin.


Agus do ṫuit cuid do Ṁanasseh ċum Dáiḃi, an tan ṫáinic se leis na Ṗilistiniḃ a naġaiḋ Ṡauil ċum caṫa: aċd níor ċungadar léo: óir do ċuíreadar tiġearnuiḋ na Ḃṗlistineaċ do ḃun coṁairle ar siuḃal é, ġa ráḋ, Fillfiḋ sé ċum a ṁaiġistir Saul re cunntaḃart ar cceanne.


Imṫiġ, cruinniġ a ḃfoċair a ċéile a ḃfuil do Iuduiġiḃ a laṫair a Súsan, agus troisciḋ ar mo ṡonsa, agus ná hiṫiġ agus ná hiḃiḋ a ttrí lá, doiḋċe ná ló: troisgfe misi agus mo ṁaiġdiona mar an gcéadna; agus marsin raċuiḋ mé a steaċ ċum an ríġ, bíoḋ naċ do reír an dliġe: agus má ḃásuiġṫear me, básuiġṫear me.


Má ṫéiġim amaċ san maċaire, féuċ annsin na mairḃ leis an ccloiḋeaṁ! agus má ṫéiġim a steaċ san ccaṫruiġ, annsin féuċ an luċt atá tinn lé gorta! a seaḋ, imṫiġ an fáiġ aráon agus an sagart timċioll fá ccuáirt go fearuinn naċ aiṫnid ḋóiḃ.


Cred fa a ḃfanmaóid ar suiġe? cruinniġiḋ siḃ féin, agus déanam a steaċ annsna caiṫreaċaiḃ daingne, agus bímid ar ttoċd annsin: óir do ċuir an TIĠEARNA ar Ndía ar toċd sinn, agus ṫug sé uisge domblois dúinn re ól, do ḃríġ gur ṗeacuiġeamar a naġaiḋ an TIĠEARNA.


Cía agá ḃfuil a ḟios naċ iompoċaḋ Día agus go maḋ aiṫreaċ é, agus go ḃfillfeaḋ sé ó na ḟeirg ḟíoċṁuir, iondus naċ imṫiġiom seaċad?


Agus aṁuil atá a ndán do ḋaóiniḃ bás dfaġáil áonuáir aṁáin, agus na ḋiáiġ sin an breiṫeaṁnus:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ