Anois do ḃí Naaman, caiptín slóiġ ríġ na Síria, na ḋuine mór agá ṫiġearna, agus ro onoraċ, do ḃríġ gur dá ṫaóiḃ ṫug an TIĠEARNA tárṫáil do Ṡíria: do ḃí sé mar an gcéadna na ḋuine neartṁar a ngaisgiḋ, aċt do ḃí sé na loḃar.
Má deirmid, raċam a steaċ don ċaṫruiġ, atá an ġorta san ccaṫruiġ, agus do ġeaḃam bás annsin: agus má ṡuiġemid annso a ccoṁnuiġ, do ġeaḃam bás mar an gcéadna. Anois ar a naḋḃarsin déanam, agus teiṫiom go slóġ na Síriánaċ: ma ċuṁduiġid béo sinn, bíam béo; agus má ṁarḃuid sinn, ní ḃfuiġiom aċd bás.
Cred as a néagfaḋ siḃ, ṫú féin, agus do ṁuinntir leis an ccloiḋeaṁ, leis an ngorta, agus leis an bpláiġ, mar do laḃair an TIĠEARNA a naġaiḋ an ċiniḋ naċ oirfiḋ do ríġ na Babilóine?
Cred fa a ḃfanmaóid ar suiġe? cruinniġiḋ siḃ féin, agus déanam a steaċ annsna caiṫreaċaiḃ daingne, agus bímid ar ttoċd annsin: óir do ċuir an TIĠEARNA ar Ndía ar toċd sinn, agus ṫug sé uisge domblois dúinn re ól, do ḃríġ gur ṗeacuiġeamar a naġaiḋ an TIĠEARNA.
Agus do imṫiġ an néull ón ttabernacuill; agus, féuċ, ṫáinic lúḃra ar Ṁiriam, coiṁġeal lé sneaċda: agus do ḟéuċ Aáron ar Ṁiriam, agus, féuċ, do ḃí luḃra uirre.
¶ Agus a duḃairt an TIĠEARNA ré Maóise, Muna ndearnaḋ a haṫair aċd seile do ṫeilgean na háġaiḋ, naċ biaḋ náire uirre seaċd lá? curṫar amaċ as an ċampa í seaċd lá, agus na ḋíaiġ sin glacṫar a steaċ í.