2 Agus a duḃairt Elisa ría, Cred ḋéanadsa ar do ṡon? innis daṁ, cred atá agad ann do ṫiġ? Agus a duḃairt sisi, Ní ḃfuil éinni ag do ḃanóglaiċ annsa tiġ, aċd pota ola.
Agus a duḃairt sisi, Mar ṁairios do ṪIĠEARNA Día, ní ḃfuil éanḃairġin agum, aċd lán baise do ṁin a mbairille, agus beagán ola a gcrúisgín: agus, feúċ, atáim ag cruinniuġaḋ maide nó ḋó, le ndeiseoċuinn sin ḋaṁ féin agus dom ṁac, go niṫmis é, agus go ḃfaġamáois bás.
¶ Agus tárla, a núair do ċuádar anonn, go nduḃairt Elias re Helisa, Iarr cred is áill leaċd misi do ḋéanaṁ ar do ṡon, suil ḃéarṫar úait mé. Agus a duḃairt Elisa, Guiḋim ṫú, bíoḋ roinn ḋúbalta dot spiorad orum.
Mar ag déunaṁ doilġeasa, aċd do ġnáṫ ag déunaṁ gáirdeaċais; mar ḃoċda, giḋeaḋ do ní morán saiḋḃir; mar ḋaóniḃ gan ní air biṫ aca, giḋeaḋ do ṡealḃuiġeas na huile neiṫe.
Eisdiġ, a ḋearḃráiṫre gráḋaċa, A né nár ṫoġ Día boiċd an tsáoġailse, sáiḋḃir a gcreideaṁ, agus na noiġriġiḃ na rioġaċda noċ do ġeall sé don druing ġráḋuiġeas é?