Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




II Rioġ 3:9 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

9 Mar sin do imṫiġ ríġ Israel, agus ríġ Iúdah, agus ríġ Edom: agus do ċúadar aisdior ṡeaċd lá timċioll: agus ní raiḃ uisge aca don tsluaġ, nó don náirneis do lean íad.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




II Rioġ 3:9
16 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus abruiḋ, Is mar so a deir an ríġ, cuir an fearso a bpriosun, agus beaṫuiġ é lé harán an doilġis agus lé huisge an doláis, nó go ttige misi a síoṫċáin.


Ni raiḃ ansin ríġ ar biṫ ann Edom: fear ionaid ríġ do ḃí na ríġ.


Do rinne Iehosaṗat luingios do Ṫarsis do ḋul go Hóṗir ar ċeann óir: aċd níor imṫiġeadar; óir do ḃriseaḋ na lunga ag Hésion‐géber.


Anois do ṫosuiġ Iehoram mac Ahab a rioġaċd ós cionn Israel a Samária an toċdṁaḋ ḃaḋan déug do Iehosaṗat ríġ Iúdah, agus do ḃí ná ríġ ḋá ḃlíaḋuin déug.


Agus a duḃairt ríġ Israel, A ṫruáiġe! gur ġoir an TIĠEARNA na trí ríġṫe so a ccionn a ċéile, dá seaċad a laiṁ Ṁóab!


Agus dimṫiġ sé agus do ċuir sé fios go Iehosaṗat ríġ Iúdah, ḋa ráḋ, Do ċuáiḋ ríġ Móab a gcogaḋ am aġaiḋ: an raċa tú liom do ċaṫuġaḋ a naġaiḋ Ṁóab? Agus a duḃairt seision, Raċad: ataimse mar atá tusa, mo ḋáoine mar do ḋáoine, agus mo ṁarcṡlúaġ mar do ṁarcṡluáġ.


Agus a duḃairt sé, Cia an tsliġe a raċum súas? Agus do ḟreagair seision, An tsliġe tré ḟásaċ Edom.


¶ Iona laéṫiḃsion do ċúaiḋ Edom ó ḃeiṫ fáoi láiṁ Iúdah, agus do rinneadar ríġ orra féin.


Agus íad so do ṡerḃísiġse uile, tiucfaid siad síos ċugamsa, agus cláonfuid íad féin síos daṁsa, ḋa ráḋ, Eiriġ amaċ, agus a nuile ṗobal leanas tú: agus na ḋiaiġ sin raċa misi amáċ. Agus do ċuáiḋ sé amaċ ó Ṗárao air lasaḋ re feirg.


Marsín tug Maóise Israel ón Ṁuir ruáiḋ, agus do ċuádar go fásaċ Sur, agus do ṡiúḃaladar trí lá san ḃfásaċ, agus ní ḟúaradur uisge.


Agus do ġluáiseadur coṁċruinniuġaḋ ċloinne Israel uile ó ḟásaċ Sin, tar éis a naistior do réir aiṫne an TIĠEARNA agus do ċuireadar fuṫaḋ a Reṗidim: agus ní raiḃ uisge ag an bpobal ré na ól.


¶ Agus ní raiḃ uisge ag an bpobal: agus do ċruinniġeadar íad féin a ccionn a ċéile a naġuiḋ Ṁáoise agus Aáron.


Agus créd fa ttugaḃairse liḃ coṁċruinniuġaḋ an TIĠEARNA don ḃfásaċso, ionnus go ḃfaiġmis féin agus ar náirnéis bás?


Agus do laḃair an pobal a naġaiḋ Dé, agus a naġaiḋ Ṁaóisi, Créd fa ttugaḃair amaċ as a Négipt sinn dfaġáil ḃáis san ḃfásaċ? óir ní ḃfuil arán, nó uisge ar biṫ ann; agus do ḟuaṫaiḋ ar nanam an tarán éuttromso.


Agus do áṫruiġeadar ó Alus, agus do ṡuiġeadar a Reṗidim, áit naċ raiḃ uisge ag na dáoiniḃ re ól.


¶ Agus do ġoir Bárac Sebulun agus Naṗtali go Cédes; agus do ċuáiḋ sé súas maille re deiċ míle fear lé na ċois: agus do ċuáiḋ Deborah súas leis.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ