¶ A ndiáiġ án ní si níor ḟill Ieroboam ó na ḋroiċṡliġe, aċd do na daóiniḃ ba hísle do rinne a rís sagairt do na háitiḃ árda: giḋ bé ler ḃáill, do ċoisreagaḋ seision é, ċum ḃeiṫ na ṡagairt na náiteaḋ árd.
Aċt go ndéarna tú olc nios mo nó éanduine dá ttáinic roṁad: óir do imṫiġ tú agus do rinne tú ḋuit féin dée oile, agus íoṁaiġe leaġṫa, dom ḃrostuġaḋsa ċum feirge, agus do ṫeilg tú misi táoḃ ṡiar dot ḋruim:
Agus tárla, aṁuil agus buḋ ní éattrom dósan siuḃal a bpeacaḋuiḃ Ieroboam ṁic Nébat, go ttug sé Iesebel inġean Etbaal ríġ ná Sidonianaċ na mnáoi, agus do imṫiġ agus do rinne serḃís do Ḃáal, agus do aḋuir sé ḋó.
Oír do réub sé Israel ó ṫiġ Ḋáiḃi; agus do rinneadar riġ do Ieroboam mac Nébat: agus do ṫarruing Ieroboam Israel ón TIĠEARNA do leanṁuin, agus ṫug orra peacaḋ mór do ṗeacuġaḋ.
No gur aṫarruiġ an TIĠEARNA Israel as a raḋarc, mar a duḃairt sé tre na ṡeirḃíseaċaiḃ uile na fáiġe. Mar sin rugaḋ Israel as a ndúiṫċe féin go Hassíria gus a niuġ.
Tuilleaṁ oile do ḋóirt Manasseh fuil neíṁċiontaċ go ro iomarcaċ, nó gur lion sé Ierusalem ón ċionn go ċéile; táoḃ amuiċ dá ṗeacaḋ lé ttug sé ar Iúdah peacuġaḋ, an déanaṁ an neiṫe fa holc a raḋarc an TIĠEARNA.
¶ Tuilleaṁ fós, a naltoír do ḃí a Mbétel, agus a náit árd do rinne Ieroboam ṁac Nébat, noċ ṫug ar Israel peacuġaḋ, a naltóir aráon agus a náit árd do ḃrís sé síos, agus do loisg a náit árd, agus do rinne lúaiṫreaḋ ḋí, agus do loisg an garrán.