Ar son a ṗeacuiḋ do ṗeacuiḋ sé a ndeanaṁ uilc a raḋarc an TIĠEARNA, ag siuḃal a sliġe Ieroboam, agus iona ṗeacaḋ do rinne sé, da ṫaḃairt ar Israel peacaḋ ḋéanaṁ.
Agus a duḃairt Ahab re Helias, An ḃfúair tú mé, ó mo náṁuid? Agus do ḟreagair seision, Fúarus: do ḃríġ gur reac tú ṫú féin doibriuġaḋ uile a raḋarc an TIĠEARNA.
Agus ṫug ar a ṁac dul ṫríd an tteine, agus do aḋraḋ daimsearuiḃ, agus do níoḋ droiġeaċd, agus cumann ré leannánuiḃ síṫe agus re luċd fáistine: doibriġ sé mórán uilc a raḋarc an TIĠEARNA, ler ḃrostuiġ é ċum feirge.
Agus tárla, a nuáir do ċonnairc Ióram Iehu, go nduḃairt sé, An síoṫċáin, a Iéhu? Agus do ḟreagair seision, Cred í an tsióṫċáin, an fad ḃías stríopaċus do ṁaṫarsa Iesebel agus a piséoga coiṁlíonṁar sin?
Agus an tan ṫainic sé a sdeaċ, dúaiġ sé bíaḋ agus diḃ sé deoċ, agus a duḃairt, Eirġiḋe, féuċuiḋ anois an ḃean ṁalluiġse, agus aḋluiciḋ í: óir is inġean ríġ í.
Ní ċromṫa tú síos dá ndeéiḃ, ní ḋéana tú seirḃís dóiḃ, ní mó ḋéanas tú do réir a noibreaċ: aċ scriosfa tú íad go léir, agus brisfe tú go léir a níoṁaiġe.