5 ¶ Anois an ċuid oile do ġníoṁuiḃ Iehoiacim, agus a nuile ní dá ndéarna sé, naċ ḃfuilid síad scríoḃṫa a leaḃar croinice ríoġ Iudah?
¶ Anois naċ ḃfuil an ċuid oile do ġnióṁraḋ Rehoboam, agus a nuile ní da ndéarna sé, scrióḃṫa a leaḃar croinice ríoġ Iúdah?
Agus mar an gcéadna ar son na fola neiṁċiontuiġ noċ do ḋoirt sé: (óir do lión sé Ierusalem le fuil neiṁċiontuiġ); naċ maiṫfeaḋ an TIĠEARNA.
Mar sin dó ċoduil Iehoiacim a ḃfoċair a aiṫreaḋ: agus do ḃí Iehoiaċin a ṁac na ríġ na áit.
¶ Agus an ċuid oile do ġníoṁuiḃ Ióram, agus a nuile ní dá ndéarna sé, naċ ḃfuilid scríoḃṫa a leaḃar croinice ríoġ Iúdah?
Anois an ċuid oile do ġníoṁuiḃ Iehoiacim agus á ġráineaṁlaċda, noċ do rinne sé, agus do fríṫ ann, féuċ, atáid scríoḃṫa a leaḃar ríoġ Israel agus Iúdah: agus do ríoġuiḋ Iehoiáċin a ṁac iona áit.