Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




II Rioġ 24:3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 Go deiṁin is lé haiṫne an TIĠEARNA ṫáinic so ar Iúdah, dá náṫarraċ as a raḋarc, ar son ṗeacaiḋ Ṁanasseh, do réir a nuile ní dá ndéarna sé;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




II Rioġ 24:3
27 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aċd ar ḃur sonsa do smuaineaḃair olc am aġaiḋsi; aċ do aígneiṫe Día ċum maiṫeasa é, dá ṫaḃairt a ccríċ mar atá a niuġ, do ċongṁáil móráin daóine beó.


Uimesin do ḃí an TIĠEARNA ro ḟeargaċ re Hisrael, agus do aṫarruiġ sé as a raḋarc íad: níor fágḃaḋ éanduine aċd treaḃ Iúdah aṁáin.


Agus do ċuir an TIĠEARNA síol Israel uile a ttarcuisne, agus do smaċduiġ íad, agus do ṫoirḃir íad a láiṁ ṁillteóireaḋ, nó gur ṫeilg sé as a raḋarc íad.


No gur aṫarruiġ an TIĠEARNA Israel as a raḋarc, mar a duḃairt sé tre na ṡeirḃíseaċaiḃ uile na fáiġe. Mar sin rugaḋ Israel as a ndúiṫċe féin go Hassíria gus a niuġ.


An ttáinic misi a nois gan an TIĠEARNA a naġaiḋ na háitesi dá milleaḋ? A duḃairt an TIĠEARNA riom, Eiriġ súas a naġaiḋ na tíresin, agus mill í.


Tuilleaṁ oile do ḋóirt Manasseh fuil neíṁċiontaċ go ro iomarcaċ, nó gur lion sé Ierusalem ón ċionn go ċéile; táoḃ amuiċ dá ṗeacaḋ lé ttug sé ar Iúdah peacuġaḋ, an déanaṁ an neiṫe fa holc a raḋarc an TIĠEARNA.


Oír is tré ḟeirg an TIĠEARNA ṫáinic sin a ccríċ air Ierusalem agus air Iúdah, nó gur ṫeilg sé amaċ as a raḋarc íad, go ndeaċuiḋ Sedeciah a ccogaḋ a naġuiḋ ríġ na Babíloine.


Oír ṫáinic slúaġ na Sírianaċ le cuideaċduin ḃig ḋaoine, agus ṫug an TIĠEARNA slúaġ roṁor na láiṁ, do ḃríġ gur ṫreigeadar an TIĠEARNA Día a naiṫreaḋ. Marsin do rugadar breiṫeaṁnus a naġaiḋ Ioas.


Agus tárla, mar do ḃí sé ag caint ris, go nduḃairt an riġ ris, A ndéarnaḋ coṁairleaċ don ríġ ḋíotsa? coisc; cred fá mbuailfiḋ ṫú? Annsin do ċoisc an fáiġ, agus a duḃairt sé, aiṫniġim gur ċinn an TIĠEARNA ar do ṁilleaḋ, do ḃríġ go ndearna tú so, agus nár éist tú rem ċoṁairlesi.


Ní ċláonfa tú, ṫú féin síos dóiḃ, nimo seirḃís do ḋeanaṁ dóiḃ: oír misi an TIĠEARNA do Ḋía, is Día éadṁar mé, ṫig dféaċuim ṗeacuiḋ na naiṫreaḋ ar an gcloinn, gus an treas agus an ceaṫraṁaḋ glún don druing ḟuaṫuiġeas mé;


Cuniaim an solus, agus crúṫuiġim an dorċadas: do ním síoṫċáin, agus crúṫuiġnn olc: misi an TIĠEARNA do ní gaċ aoinní ḋíoḃsa.


Oír do ḃi an ċaṫairsi ḋaṁsa na brostuġaḋ feirge agus úaṫḃáis on ló fa ndéarnadar í gus a niuġ; ċor go náṫroċuinn í ó ḃeiṫ ar maġaiḋ,


¶ Isé so an pobal rug Nebuċadressar leis a láiṁ: annsa seaċtṁaḋ blíaḋain trí ṁíle Iúduiġe agus tríur ar ḟiṫċid:


Annsin abairse, Is marso a deir an Tiġearna DIA; Dóirtiḋ an ċaṫair fuil iona lár, iondus go ttiucfaḋ a ham, agus do ní si ioḋail na haġaiḋ féin dá truailleaḋ féin.


Uimesin is marso a deir an Tiġearna DIA; A ṁairg don ċaṫruiġ ḟuiltiġ, don ṗota aga ḃfuil an scim ann, agus naċ deaċaiḋ a scim as amaċ! taḃair amaċ é píosa air ṗíosa; ná tuiteaḋ crannċair ar ḃiṫ air.


An séidfiġear stoc annsa ċaṫruiġ, agus gan eagla do ḃeiṫ air an bpobal? an mbiáiḋ olc annsa ċaṫruiġ, agus naċ é an TIĠEARNA do rinne é?


Eirġiḋ siḃsi, agus imṫiġiḋ; óir ní hé so ḃur ccoṁnuiġe: do ḃríġ go ḃfuil sé ar na ṡalċaḋ, millfe sé siḃsi, ré millteaċus mór.


Agus tiucfuiḋ a ccríċ, mar do ġairdiġ an TIĠEARNA ós ḃur ccionnsa do ḋéanaṁ ḃur maiṫeasa, agus da ḃar méaduġaḋ; marsin ġáirdeoċus an TIĠEARNA ós ḃur gcionn dá ḃur scrios, agus do ḋéanaṁ neiṁní ḋaóiḃ; agus tairreongṫar siḃ as an ttaluṁ a ḃfuiltí ag dul dá ṡealḃuġaḋ.


Agus do ṫoċuil an TIĠEARNA amaċ as an ccríċsi íad a ḃfeirg, agus a ndioġaltas: agus a ndíḃfeirg ṁoir, agus do ṫeilg a ttír oile íad, mar atá a niuġ.


Uime sin tiocfaiḋ a ccríċ, mar ṫáinic gaċ uile ní maiṫ oruiḃ, dar ġeall ḃur TTIĠEARNA Día ḋaóiḃ; go ttiuḃra mar an ccéadna án TIĠEARNA gaċ uile ḋroiċní oruiḃ, nó go scriosfuiḋ sé siḃ as an ḃfearann maiṫsi noċ ṫug ḃur TTIĠEARNA Día ḋaóiḃ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ