3 ¶ Agus tárla annsa noċdṁaḋ bliaḋuin déug don ríġ Iosiah, gur ċuir an ríġ Saṗan mac Asaliah, ṁic Messullam, an scriḃneóir, go tiġ an TIĠEARNA, ġa ráḋ,
Agus is aṁluiḋ ḃí, an tan do ċonncadar go raiḃ mórán airgid annsa ċófra, go ttáinic scriḃneóir an ríġ agus an tárdṡagart súas, agus do ċuireadar a málaḋa, agus do coṁáireadar an tairgiod do friṫ a ttiġ an TIĠEARNA.
Annsin do léiġ Baruċ annsa leaḃar bríaṫra Ieremiah a ttiġ an TIĠEARNA, a seomra Ġemariah ṁíc Saṗan an scriḃneóir, annsa ċúirt dob áirde, ag dul a steaċ an ġeata nuáiḋ ṫiġe an TIĠEARNA, a cclúasaiḃ an ṗobail uile.
Annsin do ċuáiḋ sé síos go tiġ an ríġ, go seomra an scríoḃuiḋe: agus, féuċ, do ṡuiġeadar na prionnsaḋa uile annsin, eaḋon Elisama an scríobuiḋe, agus Deláiah mac Semáiah, agus Elnaṫan mac Aċbor, agus Gemariah ṁac Saṗan, agus Sedeciah ṁac Hananiah, agus an prionnsaḋa uile.