Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




II Rioġ 21:2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

2 Agus do rinne se an ní fa holc a raḋarc an TIĠEARNA, do réir aḋḟuaṫṁaireaċd ná ngeinteaḋ, noċ do ṫeilg an TIĠEARNA amaċ roiṁe ċloinn Israel.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




II Rioġ 21:2
20 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do rinne sé an ní fa holc a raḋarc an TIĠEARNA, aċt ní do nós na ríoġ ṫainic roiṁe ós cionn Israel.


Do ḃríġ go ndéarnuiḋ Manasseh ríġ Iúdah na neiṫe aḋḟuaṫṁarsa, go ndéarna sé olc ós cionn a ndéarnadar na Hamorítiġ, noċ do ḃí roiṁe, agus go ttug air Iúdah mar an gcéadna peacuġaḋ le na ioḋaluiḃ:


Tuilleaṁ oile do ḋóirt Manasseh fuil neíṁċiontaċ go ro iomarcaċ, nó gur lion sé Ierusalem ón ċionn go ċéile; táoḃ amuiċ dá ṗeacaḋ lé ttug sé ar Iúdah peacuġaḋ, an déanaṁ an neiṫe fa holc a raḋarc an TIĠEARNA.


Agus do rinne sé an ní dob olc a raḋarc an TIĠEARNA, mar do rinne a aṫair Manasseh.


Agus do ṡiuḃail sé annsna huile ṡliġṫiḃ ann ar ṡiuḃail a aṫair, agus do rinne serḃís do na hioḋaluiḃ dá ndearnuiḋ a aṫair serḃís, agus do aḋair sé ḋóiḃ:


Agus do ṡuiġiḋ sé íaṁáiġ ġráḃálta don ġarrán do rinne sé annsa tiġ, a ttaóiḃ a nduḃairt an TIĠEARNA ré Dáiḃi, agus re Solaṁ a ṁac, Annsa tiġsi, agus ann Ierusalem, noċ do ṫoġ mé as treaḃuiḃ Israel uile, ċuirfios mé mainm go bráṫ:


Do ḃríġ gur ṫreígeadar mé, agus gur loisgeadar túis do ḋeeiḃ eile, ċor go mbrostuiġeadis misi ċum feirge le uile oibreaċa a láṁ; uimesin lasfuiḋ mfearg a naġaiḋ na háitesi, agus ní ṁúċfuiġṫear í.


Agus do rinne sé an ní dob olc a raḋarc an TIĠEARNA, do réir gaċ a ndearnadar a aiṫre.


Agus do rinne sé an ní fa holc a raḋarc an TIĠEARNA, do réir a nuile ní da ndéarnuiḋ a aiṫre.


¶ Tuilleaṁ oile fós do ṗeacuiġeadar na hárdṡagairt uile, agus an pobal, go roṁór do réir uile ġráineaṁlaċda na ngeínteaḋ; agus do ṫrúailleadar tiġ an TIĠEARNA noċ do náoṁuiġ sé ann Ierusalem.


Is féarr críonnaċd ná airm cogaiḋ: aċt milliḋ aóinṗeacaċ aṁáin mórán maiṫeasa.


Toíġfiodsa mar an ccéadna a ttríollasan, agus do ḃéara mé a neagla orra; do ḃríġ nar ḟreagair áon, a nuáir do ġoir mé; a nuáir do laḃair mé, ní ċúaladar: aċd do rinneadar olc ós coinne mo ṡúl, agus do ṫoġadar an ní ann nar ḋúiliġ mé.


Agus cuirfiḋ mé dfíaċaiḃ a náṫruġaḋ ann gaċ uile rioġaċt san doṁan, ar son Ṁanasseh ṁic Heseciah ríġ Iúdah, ar son na néiṫeann do rinne sé ann Ierúsalem.


Agus biáiḋ a ḟios aguiḃ gur misi an TIĠEARNA: óir níor ṡiuḃluiġeaḃair ann mo reaċtaiḃ, ní mó do rinneaḃair mo ḃreiṫeaṁnuís, aċt do rinneaḃair do reir ḃéus ná ngeinteaḋ atá fa ccuáirt ḃur ttimċioll.


Ní mó do rinne Samária leaṫ do ṗeacuiḋesi; aċt dfoirlíon tusa do ġráineaṁlaċda ní sa ṁó ná íadsan, agus do rinne tú do ḋeirḃṡeaṫraċa ceart ann huile ġráineaṁlaċdaiḃ noċ do rinne tú.


Annsin abairse, Is marso a deir an Tiġearna DIA; Dóirtiḋ an ċaṫair fuil iona lár, iondus go ttiucfaḋ a ham, agus do ní si ioḋail na haġaiḋ féin dá truailleaḋ féin.


Ní ḋéana tusa sin red ṪIĠEARNA do Ḋía: óir gaċ éainni is aṫḟúaṁar lé Día noċ a ḟuaṫian sé do nídís sin re na ndeéiḃ féin; eaḋon a mic agus a ninġiona do loisgedis ansa teiniḋ dá ndeéiḃ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ