8 Agus do ġlac Elias a ḟalluing, agus dfill ar a ċéile í, agus do ḃúail na huisgeaḋa, agus do roinneaḋ íad annso agus annsúd, iondus go ndeaċadar anonn aráon ar taluṁ tirím.
Agus is aṁluiḋ ḃí, a nuáir do ċúaluiḋ Elias é, annsin dfoluiġ sé a aġaiḋ iona ḟalluing, agus do ċúaiḋ amaċ, agus do ṡeas a ndul a steaċ na húaṁa. Agus, féuċ, ṫáinic guṫ ċuige, agus a duḃairt, Cred do ní tú annso, a Elias?
¶ Marsin dfág sé sin, agus fúair sé Elisa ṁac Saṗat noċ do ḃí ag treaḃaḋ, agus dá ċonglán deug daṁ roiṁe, agus eision ag an dara daṁ déug: agus do ġaḃ Elias ṫairis, agus do ṫeilg a ḟalluing air.
Agus do ġlac sé falluing Elias do ṫuit uaḋ, agus do ḃuáil na huisgeaḋa, agus a duḃairt, Cáit a ḃfuil TIĠEARNA Día Elias? agus a nuáir do ḃuáil seisíon fós na huisgéaḋa, do ċúadar ó ċéile anonn sa nall: agus do ċuáiḋ Elisa ṫairis.
Agus scriosfuiḋ an TIĠEARNA ṫríd amaċ teanga na fairge Egiptiġ; agus croiṫfiḋ sé a láṁ ós cionn na haḃanna le neart a spioraide, agus buailfiḋ sé é annsna seaċd sroṫuiḃ, agus do ḃéara ar ḋaóiniḃ dul tirim ṫairis.
Do cloċaḋ íad, do gearraḋ ó ċéile íad, do cuireaḋ caṫuġaḋ orrṫa, do marḃaḋ ré cloiḋeaṁ íad: do ḃádar ar seaċrán a nunn sa nall a gcroicniḃ cáoraċ agus gaḃar, ar mbeiṫ ḋóiḃ a ríaċdanus, dá mbuáiḋreaḋ, agus dá gcráḋ;
Agus do ḋóirt an seiseaḋ aingeal a ṡoiṫeaċ sa naḃuinn ṁóir Euṗrátes; agus do ṫiormuiġ a huisge, ionnus go mbíaḋ an tsliġe réiḋ ag ríoġuiḃ na háirde ṡoir.
Agus a duḃairt seision ría; Cred is foirm ḋó? Agus a duḃairt sisi, Atá seanduine ag teaċd a níos; agus falluing uime. Agus do aiṫin Saul gur bé Samuel é, agus do ċrom sé le na aġaiḋ ċum na talṁan, agus do ċláon é féin.