Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




II Rioġ 2:3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 Agus ṫangadar mic na ḃfáġ do ḃí a Mbétel amaċ go Helisa, agus a duḃradar ris, An ḃfuil a ḟios agadsa go mbéara an TIĠEARNA do ṁaiġistir ód ċeann a niuġ? Agus a duḃairt seision, A seaḋ, atá a ḟios agum; bíṫíse ḃur ttoċd.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




II Rioġ 2:3
17 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Oir is aṁluiḋ do ḃí, a nuáir do ġéarr Iesebel fáiḋe an TIĠEARNA ámaċ, gur ġaḃ Obadiah céud fáiḋ, agus gur ḟoluiġ íad na ccáogad a nuaṁuiġ, agus gur ḃeaṫuiḋ sé íad lé harán agus lé huisce.)


¶ Agus a duḃairt duine áiriġ do ċloinn na ḃfáiġ ré na ċoṁarsuinn a mbreiṫir an TIĠEARNA, Guiḋim ṫú, buáil misi. Agus do ḋiult an duine a ḃúalaḋ.


Agus an tan do ċonncadar mic na ḃfáġ noċ do ḃí ag feiṫeaṁ an Ieriċo é, a duḃrádar, Dfan spiorad Elias air Elisa. Agus ṫangadar na ċoinne, agus do ċlaonadar íad féin go taluṁ dá láṫair.


Agus ṫangadar mic na ḃfáġ do ḃí an Ieriċo go Helisa, agus a duḃradar ris, An ḃfuil a ḟios agadsa go mbéura an TIĠEARNA do ṁaiġistir ód ċeann a niuġ? Agus do ḟreagair seision, A seaḋ, Atá a ḟios sin agum; bíṫísi ḃur ttoċd.


Agus do ċúadar cáogad do ċloinn na ḃfáġ, Agus do ṡeasadar da ḃféaċain a ḃfad uaṫa: agus do ṡeasadarsan a raon láiṁ ré Iordan.


Anois do éiġ bean áiriġ do ṁnáiḃ ṁac na ḃfáġ ċum Elisa, ġa ráḋ, Fuáir do ṡearḃḟoġantuiġ mfear bás; agus atá a ḟios agad go raiḃ eagla an TIĠEARNA air do ṡeirḃíseaċ: agus ṫáinic fear na ḃfíaċ do ḃreiṫ mo ḋeise mac leis dá mbeiṫ fá ḋaóirse aige.


¶ Agus ṫainic Elisa a rís go Gilgal: agus do ḃí gorta annsa tir; agus do ḃádar mic na ḃfáġ na suiġe na ḟiaḋnuise: agus a duḃairt seision re na óglaċ, Cuir siós an pota mór, agus bruiṫ ṗraiseaċ do ṁacaiḃ na ḃfáġ.


Agus a duḃairt seísion, Atáid go maiṫ uile. Do ċuir mó ṁaiġistir mé, ḋa raḋ, Féuċ, ṫáinig ċugam anois ó ṡliaḃ Eṗraím días óganaċ do ṁacaiḃ ná ḃfáġ: guiḋim ṫú, taḃair ḋóiḃ, tallann airgid, agus ḋá aiṫearraċ culáḋaċ.


Agus a duḃradar mic na ḃfáġ re Helisa, Féuċ anois, atá an náit iona ccoṁnuiġemid ad ḟoċair ro ċuṁang aguinn.


Agus do ġoir Elisa an faíġ air aon do ċloinn na ḃfáġ, agus a duḃairt sé ris, Criosluiġ súas do ċáol, agus glac an bocsa olasa ann do laíṁ, agus imṫiġ go Rámot‐ġílead;


Féuċ, misi agus an ċlann ṫug an TIĠEARNA ḋaṁ atámaóid mar ċoṁarṫaiḃ agus mar iongántaiḃ ann Israel ó ṪIĠEARNA na slóġ, noċ áitreaḃus a slíaḃ Síon.


¶ Aunsin do ḟreagair Amos, agus a duḃairt sé re Hamasiah, Ní fáiġ misi, nó mac faiġe mé; aċt dob áoḋaire mé, agus do buḋ cruinneoċṫóir toruiḋ fígeaḋ fíaḋáin mé:


As Iúdaiġe misi gan aṁarus, rugaḋ a Dtarsus, na Cilícia, giḋeaḋ as ann sa ċaṫruiġsi ag cosaiḃ Ġamáliel do hoileaḋ mé, agus do muineaḋ go diongṁála a ndliġeaḋ ar naiṫreaḋ mé, agus do ḃí mé ar lasáḋ do ġráḋ Dé, aṁail agus ataṫáoisi uile a niu.


Is eaḋ, do ġráḋuiġ se an pobal; atáid a naóiṁ uile ad láiṁ: agus do ṡuiġeádar síos ag do ċosuiḃ; glacfuiḋ gaċ éanduine dod ḃríaṫruiḃ.


Na ḋiáiġ sin tiucfa tú go cnoc Dé, mar a ḃfuil gárda na Ḃṗilistineaċ: agus tiucfaiḋ a gcríċ, a nuáir ṫiucfas tú ann sin do nċaṫruiġ, go tteigeaṁa tú ré cuideaċda fáiġeaḋ ag teaċd a nuás ón náit áird maille re psaltair, agus re tabuir, agus re píob, agus re cláirsiġ rompa; agus do ḋéanuid fáiḋeadóireaċd:


Agus do ċuir Saul teaċda do ġaḃáil Dáiḃi: agus a nuáir do ċonncadar coṁċruinniuġaḋ na ḃfaiġeaḋ ag fáiġeadóireaċd, agus Samuel na ṡeasaṁ na uáċdarán ós a gcionn, do ḃí spiorad Dé ar ṫeaċduiḃ Ṡául, agus do rinneadarsan fós fáiġeadóireaċd.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ