Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




II Rioġ 18:3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 Agus do rinne sé an ni fá ċeart a raḋarc an TIĠEARNA, do reir a nuile ní dá ndearnuiḋ á aṫair Dáiḃi.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




II Rioġ 18:3
19 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus is aṁluiḋ ḃías, má éisteann tú ré gaċ uile ni dá naiṫeonuiḋ misi ḋiot, agus go siuḃoluiḋ tú ann mo ṡliġṫiḃ, agus go ndeanair an ní ḃíus ceart ann mo raḋarc, do ċoiṁéad mo reaċda agus maiṫeanta, mar do rinne Dáiḃi mo ṡearḃḟoġantuiġ; go mbiáiḋ misi leatsa, agus go ndéana mé tiġ daingion duit, mar do rinne mé do Ḋáiḃi, agus do ḃéara mé Israel ḋuit.


Oír tárla a nuáir do ḃí Soluṁ áosta, gur iompóiġeadar a ṁná a ċroiḋe a ndíaiġ dée oile: agus ní raiḃ a ċroiḋe iomlán le na ṪIĠEARNA Día féin, mar do ḃí croiḋe Ḋáiḃi a aṫar.


Agus do rinne Asa gaċ éainni fa maiṫ a raḋarc an TIĠEARNA, mar do rinne Dáiḃi a aṫair.


Do ċionn go ndéarna Dáiḃi an ní fa ċeart a raḋarc an TIĠEARNA, agus nar ḟill do leaṫṫaóiḃ ó ní ar biṫ dár aiṫin de ar feaḋ laéṫeaḋ a ḃeaṫa, aċt aṁáin a ccúis Uriah an Hititeaċ.


Agus má ṡiuḃluiġionn tú am ṡliġṫiḃsi, do ċoiṁéud mo reaċda agus maiṫeanta, mar do ṡiuḃail haṫair Dáiḃi, ann sin faideoċaiḋ mé do laeṫe.


Aċt níor cuireaḋ na háite árda ar geúl: do nídis an pobal a ccoṁnuiġ íoḋbuirt agus do loisgedís túis annsna háitiḃ árda.


Agus do rinne sé ceart a raḋarc an TIĠEARNA, giḋeaḋ ní a ccosaṁlaċd Ḋáiḃi a aṫair: do rinne sé do reir gaċ uile neiṫe dá ndéarnuiḋ a aṫair Ioas.


Guiḋim ṫú, O a ṪIĠEARNA, cuiṁniġ a nois mar do ṡiuḃail mé ad laṫair a ḃfírinne agus maille re croiḋe iomlán, agus go ndéarna mé an ní buḋ ṁaiṫ ad raḋarc. Agus do ġuil Heseciah go géur.


Agus do rinne sé an ní fa ṁaiṫ a raḋarc an TIĠEARNA, agus do ṡiuḃail sé a nuile ṡliġṫiḃ a aṫar Dáiḃi, agus níor ḟill sé do leaṫtaoiḃ ar a láiṁ ḋeis nó ar a láiṁ ċlé.


Agus do rinne sé an ní fa ċeart a raḋarc an TIĠEARNA, do réir gaċ éainneiṫe dá ndéarnuiḋ a aṫair Dáiḃi.


Féuċuiḋ sé ar na daóiniḃ, agus má deir áonduine, Do ṗeacuiḋ mé, agus do ċuir mé an ceart ar ccúl, agus ní ḋéarna tarḃa ḋaṁ;


Uimesin measuim haiṫeantasa uile ceart; fúaṫuiġim uile ṡliġe na neiṁfírinne.


Agus a duḃairt, Má eísteann tú go dúṫraċdaċ re guṫ an TIĠEARNA do Ḋía, agus do ndéana tú an ní is ceart na raḋarc, agus go ttiuḃra tú aire dá aiṫeantuiḃ, agus go gcuiṁdeoċa tú a reaċda uile, ni ċuirfe me énni dona heasláintiḃsi oruiḃ noċ ṫug mé ar na Hégiptiḃ: óir is misi an TIĠEARNA leiġisios tú.


Agus a duḃairt, Cuiṁniġ anois, a ṪIĠEARNA, guiḋim ṫú, mar do ṡiuḃuil mé ann ṫfiaġnuise a ḃfírinne agus maille ré croiḋe iomlán, agus go ndéarna mé an ní is maiṫ ann do raḋarc. Agus do ġuil Heseciah go géur.


Ar a naḋḃarsin atá an reaċd gan aṁarus náoṁṫa, agus a náiṫne náoṁṫa, agus coṁṫrom, agus maiṫ.


A ċlann, bíġiḋ úṁal dá ḃur naiṫriḃ agus da ḃur maiṫriḃ sa Dtíġearna: óir as coir so.


¶ Agus a nois, a Israel, cread atá do ṪIĠEARNA Día diarraiḋ ort, aċt eagla do ṪIĠEARNA Día de ḃeiṫ ort, siuḃal iona ṡliġṫiḃ uile, agus a ġráḋuġaḋ, agus serḃís do ḋéanaṁ dot ṪIĠEARNA Día maille red uile ċroiḋe agus led uile anum,


Agus do ḋéana tú an ní is díreaċ agus is maiṫ a raḋarc an TIĠEARNA: ċor go mbeiṫear go maiṫ agad, agus go ḃféadfa tú dul a steaċ agus an fearann maiṫ do ṡealḃuġaḋ noċ do ṁionnaiḋ an TIĠEARNA dod aiṫriḃ,


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ