Agus fúair ríġ na Hassíria droiċṁéin ann Hoseá: óir do ċuir sé teaċda go So ríġ na Hégipte, agus ní ṫug sé tioḋlacaḋ ar bíṫ go ríġ na Hassíria, mar do rinne sé ó ḃliaḋuin go bliaḋuin: ar a naḋḃarsin do ḋruid ríġ na Hassíria fa íaḋaḋ é, agus do ċeangail sé a bpríosún é.
¶ Agus tárla annsa ċeaṫraṁaḋ blíaḋuin do ríġ Heseciah, (noċ ar ḃé an seaċdṁaḋ blíaḋuin do Hoseá mac Elah ríġ Israel), go ttáinic Salmaneser ríġ na Hassiria aníos a naġaiḋ Ṡamária, agus gur ċuir slúaġ na ṡúiġe uirre.
Biáiḋ Samária áonránaċ; óir do rinne sí cogaḋ a naġaiḋ a Dé: tuítfid síad ris an ccloiḋeaṁ: réubfar a naóiḋin na mbloḋuiḃ, agus sgoiltfiġṫear a mná torrċa.